Liam Brady

peileadóir agus bainisteoir Éireannach

Is iar-imreoir agus traenálaí peile Éireannach é Liam "Chippy" Brady (Gaeilge: Liam Ó Brádaigh), a tháinig ar an saol i mBaile Átha Cliath ar an 13 Feabhra sa bhliain 1956.

Liam Brady
Liam Brady rte.jpg
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 13 Feabhra 1956 (67 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Muintir
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materScoil Aodháin
Gairm
Gairmimreoir sacair agus bainisteoir sacair
Cur síos
Grúpaí Blianta I C
600px Rosso Bianco e Blu con cannone dorato.svg Arsenal Football Club1973-198023543
Flag of Ireland.svg Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann1974-1990729
Flag of None.svg Juventus Football Club1980-19827615
Flag of None.svg Unione Calcio Sampdoria1982-1984576
Flag of None.svg Football Club Internazionale Milano1984-1986585
Flag of None.svg Ascoli Calcio 1898 F.C.1986-1987170
Flag of None.svg West Ham United Football Club1987-1990899
 
Ionad nó speisialtachtimreoir lár páirce
Meachán72 kg
Airde174 cm
Duaiseanna
SloinnteChippy

Imreoir galánta i lár na páirce a bhí ann, a bhí in ann smacht tréitheach a chóiméad ar an liathróid agus a bhí ábalta seansanna a chruthú dó féin agus a chéile imeartha. Bhain sé cáil agus rath amach le Arsenal agus Juventus i Serie A na hIodáile, chomh maith le 72 cluiche san fhoireann náisiúnta.

ImreoirCuir in Eagar

 
Poblacht na hÉireann

ClubannaCuir in Eagar

Chuir Brady tús leis a ghairmréim le hArsenal. Bhog sé anall go Londain sa bhliain 1970 chun imirt leis na Gunners mar bhuachaill scoile ar dtús, agus é cúig bhliain déag. Shínigh sé conradh gairmiúil leo ar a bhreithlá sa bhliain 1973, agus d'imir sé a chéad chluiche mar imreoir gairmiúil i gcoinne Birmingham City ar an 6 Deireadh Fómhair, 1973. Thosaigh sé an cluiche seo ar an mbinse mar fhear ionaid, ach tháinig sé ar an bpáirc in áit Jeff Blockley. D'ainneoin an tús maith a bhí aige sa cheann seo, ní raibh sé in ann amhlaidh é a dhéanamh sa chéad chluiche eile, ceann an-thábhachtach in éadan Tottenham Hotspur, a gcomharsana i dTuaisceart Londan. Mar thoradh, níor thug an bainisteoir Bertie Mee seans sa chéadfhoireann dó ach anois is arís ar feadh tamaill. Chríochnaigh Brady a chéad séasúr (1973-74) le trí chluiche déag imeartha aige, ceithre astu mar fhear ionad.

Sa chéad séasúr eile, thuill Brady áit rialta sa chéadfhoireann, agus as seo amach bhí sé i measc na n-imreoirí ab fhearr a bhí acu i lár na seachtóidí. Le ceapadh Terry Neill ina thraenálaí agus filleadh Don Howe mar thraenálaí, shroich imirt Brady a bhuaicphointe. B'eisean a chuir an t-armlón ar fáil do bhuailteoirí na foirne, fir ar nós Malcolm MacDonald agus Frank Stapleton. Shroich Arsenal trí chluiche ceannais an Choirn FA i as a chéile, idir 1978 agus 1980. Níor bhuaigh siad ach ceann amháin sa bhliain 1979 in aghaidh Manchester United, agus b'é Brady a chuir tús leis an ghluaiseacht a críochnaíodh le cúl cáiliúil Alan Sunderland a bhuaigh an cluiche sa nóiméad deireanach.

Bhí Brady ag imirt ag barr a mhaitheasa ag an am seo, mar a léiríonn ceann de na cúil a d'aimsigh sé le hArsenal - tar éis dó seilbh a ghlac ar an liathróid ó Peter Taylor, sheol sé cic chatach isteach ó imeall na cearnóige go dtí cúinne an eangaigh sa bhua 5-0 in éadan Tottenham Hotspur ar an 23 Nollaig, 1978. I rith an tréimhse seo, vótáladh Brady mar Imreoir na Bliana ag an gclub faoi thrí, agus roghnaíodh é mar Imreoir na Bliana PFA sa bhliain i979. Bhí sé ar an imreoir ba thréithí i bhfoireann réasúnta lag Arsenal, nach raibh ábalta dúshlán dáiríre a chur le chéile chun na duaiseanna is mó a bhaint amach, mar shampla the Division One title, agus nuair a bhí 1979-80 ann bhí ráflaí ann go mbeadh sé ag fágáil na Gunners chun dúshlán úr nua a fháil.

Sa tséasúr seo, bhí taispeántas réasúnta rathúil ag Arsenal sa Cup Winners' Cup final, cé gur chaill siad an cluiche ceannais in aghaidh Valencia tar éis ciceanna pionóis. Ar an mbóthar go dtí an cluiche seo, fuair siad an ceann is fearr ar Juventus 1-0 sa chluiche leathcheannais. Chuaigh taispeántas Brady go mór i gcion ar fhathaigh na hIodáile sa chluiche seo, agus cheannaigh siad é ag deireadh an tséasúir 1980 le luach £500,000. Cuimhnítear Brady mar dhuine de na himreoirí ab fhearr le hArsenal riamh, ag imirt 307 cluiche do na Gunnadóirí, ina ghnóthaigh sé 59 cúl agus chruthaigh sé a lán eile.

Chaith Brady dhá shéasúr le Juventus, ag gnóthú dhá bhonn sa Chraobh Iodálach sna blianta 1981 agus 1982. B'é Brady a fuair an t-aon chúl amháin (ó chic pionós) sa bhua 1-0 in aghaidh Catanzaro a bhain an teideal dóibh sa bhliain 1982. Nuair a tháinig Michel Platini go dtí Juventus sa tsamhradh 1982, bhog Brady ar aghaidh go Sampdoria. Ní ba déanaí, d'imir sé le hInternazionale (1984-1986) agus Ascoli (1986-1987), sular fhill sé ar Londain chun imirt le West Ham (1987-1990).

Foireann náisiúnta na hÉireannCuir in Eagar

Cé gur d'imir Brady 72 cluiche don fhoireann náisiúnta ina ghnóthaigh sé 9 gcúl, níor ghlac sé páirt in aon chomórtas tábhachtach - mar gheall ar a ghortuithe agus fionraí díreach roimh Euro 88. Shocraigh sé deireadh a chur leis a ghairmréim idirnáisiúnta nuair a bhí na cluichí cáiliúcháin ar siúl d'Italia 90. Tháinig sé ar ais nuair a cháiligh an fhoireann do na cluichí ceannais, ach choimeád bainisteoir Jack Charlton na himreoirí a bhí aige sna babhtaí cáiliúcháin, mar bhí seans sna tuilte acu.

Traenálaí agus saineolaíCuir in Eagar

Nuair a d'éirigh sé as an imirt, bhí tréimhse réasúnta neamh-rathúil ag Brady mar thraenálaí ar na bhfoirne Celtic Football Club san Albain agus Brighton & Hove Albion ar ais i Sasana.

Bhí Brady ina thraenálaí cúnta ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, i bhfoireann Giovanni Trapattoni. Bhí sé ina cheannaire ar Fhorbairt na nÓgánach ag Arsenal, 1996 go 2013.

Is saineolaí sacair é ar an teilifís chomh maith.

 
Citrus Bowl, Orlando, Florida 4 Iúil 1994

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar