Liaquat Ali Khan

Bhí Liaquat Ali Khan (Urdúis: لِیاقت علی خان‎ ; 1 Deireadh Fómhair 189516 Deireadh Fómhair 1951) ina Phríomh-Aire ar an bPacastáin, an chéad duine sa phost, ó 1947 go dtí gur fheallmharaíodh é. Tá aithne air chomh maith mar Quaid-e-Millat (ceannaire an náisiún) agus Shaheed-e-Millat (Urdúis: شہِیدِ مِلّت‎ mairtíreach an náisiún),

Liaquat Ali Khan
Liaquat Ali Khan.jpg
ball den Tionól Lárnach Reachtach


Aire Airgeadais

Deireadh Fómhair 29, 1946 - Lúnasa 14, 1947
← luach ar iarraidh - R. K. Shanmukham Chetty
Aire Gnóthaí Eachtracha

Lúnasa 14, 1947 - Nollaig 27, 1949 - Muhammad Zafarullah Khan
Aire Cosanta na Pacastáine

Lúnasa 14, 1947 - Deireadh Fómhair 16, 1951 - Khawaja Nazimuddin
Príomh-Aire na Pacastáine

Lúnasa 14, 1947 - Deireadh Fómhair 16, 1951 - Khawaja Nazimuddin
Aire na Stát agus na Réigiún Teorann

Lúnasa 15, 1947 - Deireadh Fómhair 16, 1951
Saol
Eolas breitheKarnal (en) Aistrigh, 1ú Deireadh Fómhair 1895
NáisiúntachtRéimeas Briotanach
An Phacastáin
Teanga dhúchaisAn Urdúis
BásRawalpindi, 16 Deireadh Fómhair 1951
Áit adhlacthaMazar-e-Quaid (en) Aistrigh
Cúis bháisdúnmharú
Muintir
Céile/CéilíRa'ana Liaquat Ali Khan  (Nollaig 1932 -  Deireadh Fómhair 16, 1951)
Oideachas
Alma materMuhammedan Anglo-Oriental College (en) Aistrigh 1918)
Faculty of Law, Aligarh Muslim University (en) Aistrigh
Minto Circle (en) Aistrigh
Exeter College (en) Aistrigh
(1919 - 1921) Master of Laws (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Urdúis
Gairm
Gairmpolaiteoir, taidhleoir agus dlíodóir
Cleamhnú
ReiligiúinAn tIoslam
Páirtithe polaitíochtaMuslim League (en) Aistrigh
All India Muslim League (en) Aistrigh

SaolCuir in Eagar

Céimí de chuid an Choláiste Angla-Oirthearaigh Mhahamadaigh ba ea é (Ollscoile Mhahamadach Aligarh anois, áit a bhfuair sé BSc Eol Pol; LLB sa bhliain 1918).[1] Fuair sé máistreacht ó Ollscoil Áth na nDamh (Coláiste Exeter) ina dhiaidh sin. Glaodh chun an Bharra air i gCumann Onórach an Teampaill Laistigh sa bhliain 1922.

Mar aon lena chomhghleacaí gairmiúil (agus comhghleacaí páirtí ina dhiaidh sin) Mohammed Ali Jinnah, thosaigh sé mar dhuine a thacaigh le Comhdháil Náisiúnta na hIndia agus chríochnaigh sé mar cheannaire ar an Léig Mhoslamach.

Bhí sé chun tosaigh mar pharlaiminteoir sna Cúigí Aontaithe agus i gComhthionól Reachtaíochta an Láir agus rinneadh ball ríthábhachtach d'ardcheannaireacht na Léige Moslamaí.

Ceannaire an rialtaisCuir in Eagar

 
Ali Khan timpeall 1940

Bhí Ali Khan ina Phríomh-Aire ar an bPacastáin ó bunaíodh í, i mhí Lúnasa 1947, tar éis do Jinnah bás a fháil.

Dréachtaigh Ali Khan agus a chomhghleacaithe "Rún na gCuspóirí"[2]; Is cuid de bhunreacht na Pacastáine é fós. Ghlac An Tionól Bunreachta leis ar an 12 Márta 1949.[3]

 
1945

Baisteadh an "Magna Carta" ar Rún na gCuspóirí níos déanaí.[4][5] Is leagann síos an tsamhail bhunúsach de phoblacht Ioslamach é. Ach tá an Rún ina hábhar easaontais ón am sin anall idir na fórsaí polaitiúla atá in iomaíocht le chéile sa tír.

Bhí Ali Khan ag streachailt an t-am go léir le smacht a choinneáil ar pholaitíocht fhaicseanach an stáit nua, Bhí na cúrsaí ag dul sa mhuileann air, mar shampla, le heasaontas maidir leis an saghas bunreachta don tír nua, le stádas na mionlach reiligiúnach sa tír, an gaol idir an Phacastáin Thoir agus an Phacastáin Thiar, srl.

FeallmharúCuir in Eagar

 
Curtha i Mazaar e Quaid (másailéam), Karachi in éineacht le Jinnah

Bhí comhchealga míleata ann chun Ali Khan a chur as cumhacht.

Chuathas i mbun comhcheilge chun é a mharú i 1951, an "chomhcheilg Rawalpindi".[6] Ach gabhadh an lucht comhcheilge.

Cúpla lá níos déanaí, bhí Ali Khan ag labhairt i gCompany Bagh, Rawalpindi, os comhair 100,000 duine ar an 16 Deireadh Fómhair 1951 nuair a caitheadh é. Feallmharfóir proifisiúnta a mharaigh é, duine darb ainm Said Akbar as an Afganastáin. Ní fios fós céard ba bhunchúis leis an ionsaí.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020-10-16). "Liaquat Ali Khan" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  2. "Objectives Resolution" (as en) (2020-10-11). Wikipedia. 
  3. storyofpakistan.com (2010-12-19). "Objectives Resolution is passed [1949]". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-12-19. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  4. "Pakistan’s Magna Carta | Political Economy | thenews.com.pk" (en). www.thenews.com.pk. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  5. Plamen Tonchev (European Institute for Asian Studies) (2007-02-07). "Pakistan at Fifty-Five: From Jinnah to Musharraf". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-02-07. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  6. "Rawalpindi conspiracy" (as en) (2020-06-30). Wikipedia.