Lig Sinn i gCathú
Is úrscéal leis an scríbhneoir Gaeilge Breandán Ó hEithir é Lig Sinn i gCathú. Fáthscéal tábhachtach é faoi shaol an mhic léinn agus is é ceann de na húrscéalta is fearr sa seánra Künstlerroman é.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Breandán Ó hEithir |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | Éire, 1976 |
Foilsitheoir | Sáirséal Ó Marcaigh |
Seánra | úrscéal |
Eile | |
Uimhir OCLC | 4494564 |
Is tagairt don Ár nAthair é teideal an leabhair:
- Agus maith dúinn ár bhfiacha,
- Mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
- Agus ná lig sinn i gcathú
- Ach saor sinn ó olc.
Tá an scéal suite i mbaile ficseanúil darb ainm “Baile an Chaisil”, cé gur léir gurb é cathair na Gaillimhe atá i gceist. Tarlaíonn an scéal um Cháisc in 1949, an bhliain a fógraíodh Poblacht na hÉireann agus a d’fhág an tír an Comhlathas. Tá Máirtín Ó Méalóid, mac léinn ollscoile, agus na rógairí atá mar chairde aige róthógtha leis an ragairne agus leis an gcraiceann le mórán airde a thabhairt ar an eachtra thábhachtach stairiúil seo. Tá Máirtín ag iarraidh saol an mhic léinn agus saol an drabhláis araon a chleachtadh. Is deireadh seachtaine cinniúnach é seo i saol Mháirtín. Ní fios an ndéanfaidh sé athmhuintearas lena mhuintir nó an gcromfaidh sé choíche ar an staidéar. Úrscéal greannmhar é ó dhuine de na hiriseoirí ba mhó cáil lena linn. Thug Alan Harrison tour de force ar Lig Sinn i gCathú agus oilithreacht ar bun ag an bpríomhcharachtar ann ‘ó mhíshuaimhneas a laethanta ollscoile go dtí an tuiscint agus an léargas searbh a shaorann é ónar bhain lena shaol go dtí sin’.
Aistríodh an t-úrscéal go Béarla faoin teideal Lead Us Into Temptation agus go Gearmáinis ina dhiaidh sin.
Cuireadh ar a laghad trí leagan ardáin den úrscéal ar stáitse.[1]
Maítear go minic gurb é Lig Sinn i gCathú, an t-aon leabhar Gaeilge a bhí riamh ag barr an liosta leabhar is mó díol, cé go mb'fhéidir nach bhfuil sé sin fíor.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "SEARCH FOR A PLAY – PlayographyIreland" (en-US). Dáta rochtana: 2024-02-12.