Lindsay Lohan
Lindsay Lohan | |
---|---|
![]() | |
Lohan sa bhliain 2007 | |
Ainm breithe | Lindsay Dee Lohan |
Breith | 2 Iúil, 1986 |
Nua-Eabhrac | |
Náisiúntacht | Meiriceánach |
Gníomhach | 1996 - anois |
Is ban-aisteoir, amhránaí agus dearthóir luiteoga í Lindsay Lohan. Rugadh í ar 2 Iúil 1986 i gCathair Nua Eabhrac. Bhain sí cáil amach mar pháiste sa scannán Disney The Parent Trap.
Nuair a bhí sí ina déagóir bhí rólanna móra le rá aici ar nós Freaky Friday (2003) le Jamie-Lee Curtis agus a scannán is cáiliúla, Mean Girls (2004). Le déanaí bhí mionpháirt aici sa sraith teilifíse Ugly Betty.
Tá dúil aici sa cheol freisin - d'eisigh sí a céad albam, darbh ainm Speak, i 2004 agus a dara albam, A Little More Personal (Raw), an bhliain dar gcionn. Tá a tríú albam, Spirit in the Dark, le teacht amach sa bhliain 2009.
Is pearsanta conspóideach í Lindsay i Hollywood de bharr a meáchan, coimhlint lena hathair, saol sóisialta fián, troideanna le daoine cáiliúla eile agus a caidreamh le Samantha Ronson, DJ Sasanach.
ScannáinCuir in Eagar
Scannáin | |||
---|---|---|---|
Bliain | Teideal | Ról | Nótaí |
1998 | The Parent Trap | Hallie Parker / Annie James | |
2003 | Freaky Friday | Anna Coleman | |
2004 | Confessions of a Teenage Drama Queen | Mary Elizabeth "Lola" Step | |
Mean Girls | Cady Heron | ||
2005 | Herbie: Fully Loaded | Maggie Peyton | |
2006 | Just My Luck | Ashley Albright | |
A Prairie Home Companion | Mary Elizabeth "Lola" Johnson | ||
Bobby | Diane | ||
The Holiday | Féin | Caimeo | |
2007 | Chapter 27 | Jude | |
Georgia Rule | Rachel Wilcox | ||
I Know Who Killed Me | Aubrey Fleming / Dakota Moss | ||
2009 | Labor Pains | Thea Dixon |