Lipidí
Is téarma leathan é Lipidí nach bhfuil dea-shainithe. Folaíonn an téarma gach móilín atá sailltuaslagtha (lipi-fileach), móilíní atá sa nádúr, mar shampla saillte, céaracha, olaí, colaistéaról, stéarólaí, vitimíní sailltuaslagtha (mar vitaimíní A, D, E and K), monaiglicrídí, déghlicrídí, fosfailipidí, agus eile. Is iad na príomhfheidhmeanna bitheolaíocha atá ag na lipidí ná stóráil fuinnimh, feidhmiú mar chomhábhar structúrach na gcillscannán, agus ach go háirithe gníomhú mar mhóilíní comharthaíochta.
Cé go n-úsáidtear an téarma ‘lipid’ go comhchiallach leis an téarma 'saill' nó 'geir', ní hionann iad, ach is foghrúpa de lipidí iad na saillte agus tugtar ‘tríghlicrídí’ mar ainm ceimiceach orthu. Ná éirí measctha idir ‘tríghlicrídí’ agus aigéid shailleacha! Is lipidí iad na haigéid shailleacha agus a dhíorthacha (ina measc tá trí-, dé-agus monaiglicrídí agus fosfailipidí), maille le meitibilítí eile ina mbíonn meitibilítí le stéaról mar chomhpháirt iontu, mar shampla colaistéaról.Is í an triail eibleachtach an modh garbh le haghaidh láithreachta nó neamhláithreachta lipidí i samplaí a dhearbhú.
Is grúpa ilchineálach é na lipidí de chomhdhúile ceimiceacha agus bíonn go leor feidhmeanna ríthábhachtacha bitheolaíochta ag baint leo ar nós comhábhair struchtúracha i gcillscannáin, stóráil fuinnimh, agus a bheith rannpháirteach i gcumarsáide comharthaíochta.
De réir sainmhínithe leathan, is móilíní beaga hidreafóbach nó amfaifileach a tionscnaíodh go hiomlán nó i bpáirt as na fo-aonaid bithcheimiceacha nó na “bloic tógála” iad na lipidí: na grúpaí céataicil agus isipréin. Ag úsáid an chur chuige seo, is féidir na lipidí a roinnt in ocht gcatagóir: aicil shailleacha, glicrilipidí, glicreafosfailipidí, sfingailipidí, siúcrailipidí, polaicéatídí (díorthaithe ó comhdhlúthú foaonaid céataicile .) agus lipidí stéaróil agus préanóil (díorthaithe ó comhdhlúthú foaonaid isipréine) Contents [hide]
Cineálacha Lipidí
cuir in eagarAicéitile sailleacha
cuir in eagarGlicrelipidí
cuir in eagarGlicreafosfailipidí
cuir in eagarSfingailipidí
cuir in eagarLipidí stéaróil
cuir in eagarLipidí préanóil
cuir in eagarSiúcrailipidí
cuir in eagarPolaicéitídí
cuir in eagarFeidhmeanna bitheolaíocha
cuir in eagarScannáin
cuir in eagarStóráil fuinnimh agus meitibileacht
cuir in eagarAg comharthú
cuir in eagarFeidhmeanna eile
cuir in eagarCothú agus sláinte
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |