Liza Minnelli
ban-aisteoir agus amhránaí Meiriceánach
Is ban-aisteoir agus amhránaí Meiriceánach í Liza May Minnelli , a rugadh ar an 12 Márta 1946 in Hollywood, California. Is iníon Judy Garland, ban-aisteoir, agus Vincente Minelli, stiúrthóir scannán, í. Mar dhuine fásta, chuir sí tús lena saol gairmiúil ag canadh i gclubanna oíche. Tharraing sí aird uirthi féin lena ról sna scannáin The Sterile Cuckoo (1969) agus Tell Me That You Love Me og Junie Moon (1970). Bhain sí clú idirnáisiúnta amach lena ról mar Sally Bowles sa leagan scannáin den dráma ceoil Broadway úd Cabaret sa bhliain 1972, as ar bronnadh Oscar di. Ról suntasach eile a rinne sí ná sa scannán Arthur (1981) in éineacht le Dudley Moore agus John Gielgud.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |