Ljósálfar agus Dökkálfar

Luaitear Ljósálfar (daoine geala/eilbh geala) agus Dökkálfar (daoine sí dorcha/eilbh dhorcha) i Miotaseolaíocht Lochlannach. Sa scéal Gylfaginning san Éada Próis le Snorri Sturluson, deirtear go bhfuil na ljósálfar ina gcónaí in áit ar neamh ar a dtugtar Álfheimr agus ar neamhanna eile, agus go bhfuil na dökkálfar ina gcónaí faoin talamh. Maíonn neart daoine go bhfuil Álfheimr (nó Ljósálfheimr) ar cheann de na 'naoi ndomhan' a luaitear sa mhiotaseolaíocht, ach luaitear sna foinsí go bhfuil an dia Fraer ina thiarna ar Álfheimr agus é ina chónaí taobh istigh d’Ascar, domhan na ndéithe Æsir. Tá tuilleadh conspóide ann faoi na dökkálfar, áfach, mar tugtar svartálfar (daoine sí/eilbh d(h)ubha) mar ainm eile ar na habhaic. Measann roinnt taighdeoirí, mar sin, gur ionann na svartálfar, na dökkálfar agus na habhaic, agus gur chum Snorri Sturluson (Íoslannach Críostaí) an difríocht idir na daoine sí dorcha agus na daoine sí geala faoi thionchar miotais Chríostaí na n-aingeal dubha agus na n-aingeal geala.