Loch Cairlinn

inbhear i gContae an Dúin

Is fiord oighreach nó góilín é Loch Cairlinn[1] atá suite idir Contae an Dúin agus Contae Lú. Sreabhann an Rí agus Canáil an Iúir isteach ann, a nascann é go dtí an chathair Iúr Cinn Trá atá in aice láimhe (leanann Canáil an Iúir ar aghaidh chuig Abhainn na Banna agus Loch nEathach; faoin ainm 'an Rí', lúbann an abhainn thart ar Chontae an Dúin). Is iad na fiordanna oighreacha eile in Éirinn atá ar eolas againn ná Loch Súilí agus An Caoláire Rua.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Cairlinn
Íomhá
CineálGóilín agus críoch atá ina hábhar achrainn Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1166336 Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°04′24″N 6°11′58″W / 54.0733°N 6.1994°W / 54.0733; -6.1994
Craobh-abhainn

Ar an taobh ó thuaidh, i gContae an Dúin, tá na bailte cósta an Phointe agus Ros Treabhair, cúlaithe le na Beanna Boirche. Ar an chósta theas tá Ó Méith, Cairlinn agus an Grianfort cúlaithe le Sléibhte Cuailgne, go léir ar Leithinis Chuailgne i gContae Lú.

I bhfoinsí níos sine,[2] tugtar Snám Aignech (a chiallaíonn "cainéal sciobtha") ar Loch Cairlinn.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Loch Cairlinn/Carlingford Lough | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. James Henthorn Todd, Cogad Gaedel re Gallaib (1867), p. lxiii.