Ceann de Lochanna Móra Mheiriceá Thuaidh is ea Loch Michigan agus an loch is faide siar ó dheas de na cúig loch fionnuisce seo atá suite i lár Meiriceá Thuaidh. Is í an t-aon cheann de na Locha Móra atá suite go hiomlán taobh istigh de na Stát Aontaithe agus nach bhfuil a bruacha thuaidh i gCúige Ontario i gCeanada.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Michigan
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deLoch Michigan-Huron
Na Lochanna Móra Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraíStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinMichigan, SAM, Wisconsin, SAM, Illinois, SAM agus Indiana, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 44°00′28″N 86°45′23″W / 44.007874°N 86.756451°W / 44.007874; -86.756451
Teorainneacha leUpper Peninsula of Michigan (en) Aistrigh
Lower Peninsula of Michigan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Green Bay (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
EisilteachLoch Huron Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach draenálaLake Michigan drainage basin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige176 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach281 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí190 (leithead) × 494 (fad) km
Imlíne2,633 km Cuir in eagar ar Wikidata
Achar57,750 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt4,918,000 hm³ Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolaíocht cuir in eagar

Loch oighreach, is é sin loch a cruthaíodh a céaduair ag deireadh na Oighearaoise, atá i Loch Michigan. Faigheann sé uisce ó na haibhneacha sa réigiún timpeall uirthi, agus folmhaíonn sí soir ó thuaidh isteach i Loch Huron. Go deimhin tá Lochanna Michigan agus Huron ar chomh airde agus tógann sé 98 bliana (.i. am seadaithe de 98 bliana) sula dtéann uisce a thagann isteach i Loch Michigan éalú amach go Loch Huron. Go teicniúil, níl iontu ach aon loch mhór amháin. Tá achar dromchla iomlán de 22,300 mí² nó 58,000 km² aige.

Is í Loch Michigan an dara loch is mó de na Lochanna Móra ó thaobh toirt uisce agus an 3ú ceann is mó de réir dhromchla. Tá Loch Michigan 307 míle ar fad agus 118 míle ar leithead. Is é 923 troigh (280 méadar) an pointe is doimhne sa loch, áit a baineadh amach i bhfomhuireán den chéad uair sa bhliain 1985. Is é 279 troigh (85 m) meándoimhneacht na locha.

Tá stáit Wisconsin, Illinois, Indiana agus Michigan suite ar Loch Michigan. Tá Chicago agus Milwaukee ar na cathracha ar a mbruacha.

 
Radharc ar Loch Michigan