Loch na Maláive ar an loch is faide ó dheas de chuid lochanna chórais na Claise Móire, san Afraic Thoir. Ainm eile uirthi a bhíodh ní ba choitianta ná Loch Niasa; ciallaíonn Niasa, Nyas(s)aNiassa "loch" sa teanga Yao. De bharr eolas a bheith ag na hEorpaigh ar an loch mar thoradh ar taiscéalaíocht an Dochtúra David Livingstone, luaití an loch i seanleabhair mar Loch Livingstone freisin.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch na Maláive
(en) Lake Malawi Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deLake Malawi National Park (en) Aistrigh
Lochanna Móra na hAfraice
lochanna de chuid Ghleann na Claise Móire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 12°11′00″S 34°22′00″E / 12.183333333333°S 34.366666666667°E / -12.183333333333; 34.366666666667
Teorainneacha leChintheche (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Craobh-abhainn
EisilteachAbhainn Shire Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach draenálaAbhantrach na Saimbéise Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige474 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach704 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí75 (leithead) × 570 (fad) km
Imlíne1,245 km Cuir in eagar ar Wikidata
Trasnaíonnan Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc agus an Tansáin Cuir in eagar ar Wikidata
Achar29,600 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach6,593 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt8,400,000 hm³ Cuir in eagar ar Wikidata

Geografaíocht cuir in eagar

Tá an loch timpeall ar 560 km ar fhad agus 75 ar leithead ag an bpointe leithne. Is é 29,000 km², a bheagán nó a mhórán, achar na locha. Tá trí thír ar bhruacha na locha, mar atá an Mhaláiv ar an mbruach thiar, an Tansáin ar an mbruach thoir thuaidh, agus Mósaimbíc ar an mbruach thoir. Imíonn uisce na locha tríd an abhainn Shire. Is í an abhainn Ruhuhu an chraobhabhainn is mó a shníonn isteach sa loch. Tá a lán sainspeiceas sa loch, go mór mhór roinnt mhaith cinealacha éisc ar a dtugtar ciclidí agus nach bhfaightear aon áit eile.

 
Trá ag Roinn Maclear in aice Bhá na Moncaithe i Loch na Maláive
 
Radharc ar an loch ón oileán Likoma