Lorenzo Ó Meachair

iománaí Éireannach
(Athsheolta ó Lory Ó Meachair)

Duine spóirt Éireannach a bhí i Lorenzo "Lory" Ó Meachair (Béarla: Lorenzo Ignatius Meagher) (18991973), nó Lory Meagher mar a bhí aithne níos fearr air. D'imir Meagher iomáint leis an gclub cáiliúil Tulach Ruáin i gContae Chill Chainnigh sna fichidí agus sna tríochaidí, agus chaith sé na blianta idir 1924 agus 1935 ina bhall de fhoireann sinsir iomána Chill Chainnigh. Is minic a aicmítear Lory Ó Meachair mar dhuine de na laochra is mó i stair an chluiche. Cruthúnas amháin don mholadh seo ná gur roghnaíodh é i bhFoireann Iomána na Mílaoise sa bhliain 1999.

Infotaula de personaLorenzo Ó Meachair
Beathaisnéis
Breith16 Meán Fómhair 1899
Tulach Ruáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Bealtaine 1973
73 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P

Tús a shaoil cuir in eagar

Sa bhaile beag Tulach Ruáin i gContae Chill Chainnigh a saolaíodh Lory Ó Meachair ag casadh an chéid, agus baisteadh é leis an ainm neamhghnách Lorenzo Iognáid. Bhí an t-ainm Lorenzo á úsáid sa chlann ar feadh na mblianta fada, agus bhí sean-uncail leis a bhí ina dhochtúir cabhlaigh. Tháinig Lory ar an saol i dteaghlach a bhí an-ghníomhach i bpolaitíocht náisiúnach agus sna cluichí Gaelacha. Creidtear go raibh a athair, Henry Joseph Meagher, ag an gcéad cruinniú a bhí ag an gCumann Lúthchleas Gael riamh nuair a bunaíodh é i nDúrlas, Contae Thiobraid Árann sa bhliain 1884. Ní ábhar ionaidh é gur ghríosaigh Henry a pháistí chun iomáint a imirt.

Taobh amuigh den pháirc imeartha, ba fhear cútháil agus cuibheasach é Lory ina shaol pearsanta. Chaith sé a shaol ar fad ag obair ar an bhfeirm, agus níor phós sé riamh. Bhí sé lánsásta an cáil a sheachaint, agus é féin a choimeád as an spotsolas. Mar gheall ar an dearcadh seo, bhí sé amhrasach i gcónaí i leith hiriseoirí chomh maith.

Gairmréim imeartha cuir in eagar

Club cuir in eagar

Leis a chlub áitiúil Tulach Ruáin i gContae Chill Chainnigh a d'imir Meagher a chuid iománaíochta, agus bhain sé sult mór as an rath a bhí aige leo. Bhuaigh sé a chéad craobh chontae sa bhliain 1924, éacht a rinne sé arís sna blianta 1925, 1930, 1933 agus 1934.

Idir-chontae cuir in eagar

Thiar sa bhliain 1924 a fuair Meagher a chéad deis chun imirt leis an bhfoireann idirchontae, i gcluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Chaill na Cait an cluiche seo, áfach, ach bhí siad ar ais sa bhliain 1925 nuair a bhain siad Craobh Laighean, agus bhí a chéad corn buaite ag an imreoir óg. Ní raibh ann ach díomá arís dóibh sa chluiche leathcheannais, nuair a fuair Tiobrad Árainn an lámh in uachtar orthu.

Bá bhliain iontach í 1926 do Mhuintir Uí Meachair, nuair a tháinig a dheartháireacha Henry agus Willie isteach i bhfoireann na gCat. Bhí tús maith acu chomh maith, le bua i gCraobh Laighean agus áit ina chéad chluiche ceannais na hÉireann. Thugadar aghaidh ar Chorcaigh ar an lá seo, lá ina raibh Páirc an Chrócaigh clúdaithe faoi bhrat sneacht. Fuair na Ceannarcaigh an bua, le scórlíne deiridh 4-6 go 2-0. Buille tubaisteach a bhí ann do mhuintir iomána Chill Chainnigh, agus tháinig meath mór ar an bhfoireann idirchontae ar feadh tamaill gearr.

Bhí 1931 ann nuair a thosaigh cúrsaí ag éirí níos fearr do na Cait, agus tháinig siad ar ais le Ó Meachair ina chaptaen orthu. Bhain sé a tríú corn Laighin amach, agus cháiligh Cill Chainnigh don chluiche deiridh arís. Cé a bhí ann ag fanacht dóibh ach na Ceannarcaigh arís. Ócáid iontach a bhí ann, cluiche géar a chríochnaigh ar chomhscór 1-6. Bhí athimirt de dhíth mí níos déanaí, cluiche a bhí chomh géar is a bhí an chéad babhta. Bhí Ó Meachair ag imirt ag barr a mhaitheasa ag an am seo, rud a léirigh sé go soiléir le sár-chúilín a chuir sé thar an trasnán ó 90 slat amach. In ainneoin an sár-iarracht a chuir Ó Meachair isteach, ní raibh faic idir na foirne ag deireadh an lae, agus imríodh comhscór arís 2-5. Mar sin, lean an sága ar aghaidh go dtí an tríú cluiche, an dara athimirt, ach gortaíodh Ó Meachair sa dara cluiche (easna briste) agus níor ghlac sé aon pháirt. Mar gheall ar ghortú a gcaptaen, ba bheag nar ghéill na Cait agus sheol siad amach foireann óg a chaill le scór deiridh 5-8 go 3-4.

Cé go raibh sé ar thaobh na gcailliúnaithe in dhá chluiche ceannais, níor chaill Lory Ó Meachair muinín ar bith. Bhuaigh na Cait Craobh Laighean arís sa bhliain 1932, agus ghlac siad áit sa chluiche mór arís. Bhí Curaidh na Mumhan,an Clár, ós a gcomhair an bhliain seo. Chuir Ó Meachair sárthaispeántas isteach arís ar an lá, le cúl ó phoc sleasadh a bhain an corn dóibh, 3-3 in éadan 2-3. Sa deireadh, bhí a chéad bonn uile-Éireann aige.

An bhliain dár gcionn, bhuaigh Ó Meachair agus na Cait boinn sa tSraithchomórtas Iomána Náisiúnta, an chéad uair a bhaineadar an trófaí agus an ceann deireanach go dtí 1962. Lean an rath ar aghaidh i gcraobh na hÉireann, le bua i gCraobh Laighean agus sa chluiche leathcheannais. Luimneach a bhí ann ina n-éadan, ach ní raibh siad ábalta na Cait a chloígh agus thóg Ó Meachair a dara bonn uile-Éireann abhaile. Chaill Cill Chainnigh a gcoróin i gCraobh Laighean áfach sa bhliain 1934. Ní dhearna siad an botún céanna sa bhliain 1935, agus bhain siad an chraobh amach arís, an séú ceann do Ó Meachair. Bhuail siad le Luimneach arís sa chluiche mór - curaidh na hÉireann, curaidh an tSraith agus gan chailliúint i 31 cluiche. Mar gheall ar seo, creideadh go mbeadh bua éasca eile ag na Mumhanaigh. Tháinig 46,000 amach go Páirc an Chrócaigh ar lá an chluiche. Cé go raibh an bháisteach ag titim go trom, níor chuir sé isteach ar chaighdeán na hiomána, agus imríodh ceann de na claissaicí. Ní raibh a lán idir na foirne sa chéad leath, ach ag tús an dara leath sheol Ó Meachair, captaen na foirne, cúilín ollmhór thar an trasnán ó lár na páirce, agus d'oscail sé bearna nach ngéillfeadh na Cait arís. Bhí an lá ag na gCait, an tríú bhonn do Ó Meachair. Tar éis an bua stairiúil seo, d'fhógair Ó Meachair go mbeadh sé ag cur deireadh leis a ghairmréim idirchontae.

 
 

"Bród Tullaroan" cuir in eagar

Tugtar "Bród Tullaroan" ar an teach ina chaith Lory Ó Meachair a shaol ina chónaí leis a dheirfiúracha, agus tá sé oscailte don phobal sa lá atá inniu ann. Teach feirme dhá stór le díon tuí atá ann ón 17ú haois, a athchóiriú ag tús na 1900idí.

Tugann sé léirgeas maith dúinn i saol theaghlaigh feirmeoireachta réasúnta compordach ón ré sin. Tá ionad taispeántais agus músaem le fáil ann a thaispeánann an iliomad éachtaí a rinne Cill Chainnigh sna cluichí Gaelacha. I measc na rudaí atá bailithe ann, tá roinnt de na boinn agus duaiseanna spóirt a bhronnadh ar Ó Meachair le linn a shaoil gaisciúil.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar