Loscadh na hAmbasáide Briotanaí, BÁC 1972

Tharla sléacht i nDoire ar an 30 Eanáir, 1972, 'Domhnach na Fola'. Chothaigh sé seo corraíl sa phobal, sa Tuaisceart agus sa Deisceart agus dódh Ambasáid na. Breataine i mBaile Átha Cliath go talamh ar 2 Feabhra 1972.[1][2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh na hAmbasáide Briotanaí, BÁC 1972
Map
 53° 20′ 21″ N, 6° 14′ 48″ O / 53.3391°N,6.24655°W / 53.3391; -6.24655
Cineáldóiteán Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana30 Eanáir 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


37-38 Chearnóg Mhuirfean Thoir. in aice leis an Ambasáid ag an am

Imeachtaí

cuir in eagar

Bhí an tír trína chéile go mór na laethanta a lean Domhnach na Fola. Labhair an Taoiseach Jack Lynch ar an teilifís an oíche sin.[4] Bhí Reginald Maudling (Home Secretary)[5] agus Sir Edward Heath (príomh-aire, KG MBE) ag séanadh an scannail, ag déanamh cúrsaí níos measa.[6] Shéan an t-arm i dTÉ gurbh iad ba chiontaí agus shéan Reginald Maudling (Rúnaí Baile) aon fhreagracht go suarach.

Bhí alltacht agus uafás ar dhaoine agus mhéadaigh an fhearg iontu de réir mar a nochtadh an fhírinne faoin mbarbarthacht. ‘Sheer unadulterated murder’ an cur síos a bhí ag an iriseoir Iodálach Fulvio Grimaldi ar ar tharla.[7][8]

Ar fud na tíre Dé Luain agus Dé Máirt, bhí agóidí ar siúl. D’imigh oibrithe ón obair chun agóid a dhéanamh. Ag cruinnithe údaráis áitiúil ritheadh rúin ag cáineadh na maruithe. I neart a chuaigh na hagóidí ag ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath.[9]

D’fhógair an rialtas lá cuimhneacháin náisiúnta ar an gCéadaoin (2 Feabhra), an lá ar cuireadh an 13 a maraíodh. Eagraíodh mórshiúl trí lár Bhleá Cliath an Chéadaoin sin, ina raibh suas le 100,000 duine páirteach. Ina dhiaidh sin, eagraíodh mórshiúl eile i dtreo Ambasáid na Breataine, ar Chearnóg Mhuirfean Thoir.[10][11] Bhí teannas an-ard ann.

Bhí go leor Gardaí bailithe os comhair na hAmbasáide lena cosaint. In ainneoin sin, fágadh cónra ag an doras agus cuireadh an cónra trí thine. ansin d’éirigh le fear dreapadh suas píopa draenála. Ní dhearna na Gardaí aon iarracht é a stopadh agus é ag dul ó bhalcóin go balcóin. Ar bhalcóin na hAmbasáide, bhris sé an fhuinneog tar éis roinnt mhaith iarrachtaí agus d’éirigh leis Ambasáid na Breataine a chur trí thine.

Bhí Sinn Féin Oifigiúil freagrach as an scrios ag an am, is cosúil.[11]

Iarmhairtí

cuir in eagar

Thug dó na hAmbasáide faoiseamh áirithe don phobal go léir ag an am. Ach bhí barrphointe tagtha ar thacaíocht an phobail do na poblachtánaigh leis an léirsiú ag ambasáid na Breataine nuair a dódh an foirgneamh go talamh.[12] Thosaigh an taoide ag trá i ndáiríre le Aoine na Fola, sé mhí níos déanaí.[13]

Níos déanaí, bhí an mhífhoighne a bhí ag rialtas na hÉireann i dtaobh dhearcadh na Breataine soiléir ón méid a dúirt Liam Cosgrave: 'Níor thuig polaiteoirí na Breataine Éire ná muintir na hÉireann, agus ní thuigfidh siad iad riamh".[14]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Céimin Burke and Adam Daly. "An expression of anger: The burning of the British Embassy in Dublin after Bloody Sunday" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  2. "Dubliners recall burning of British Embassy after Bloody Sunday" (en). BreakingNews.ie. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  3. "CAIN: Events: Bloody Sunday - Chronology". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  4. "Taoiseach Jack Lynch On Bloody Sunday" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  5. "NORTHERN IRELAND (Hansard, 31 January 1972)". api.parliament.uk. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  6. "NORTHERN IRELAND (TRIBUNAL OF INQUIRY) (Hansard, 1 February 1972)". api.parliament.uk. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  7. "Derry Journal: The Saville Report by JPNI, lch 27" (en). issuu.com. Dáta rochtana: 2023-02-02.
  8. Dúirt Major Hubert O'Neill an rud céanna níos déanaí. "CAIN: Events: Bloody Sunday: British Irish Rights Watch Submission to the United Nations, 1994". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-02-02.
  9. Emmet Ó Fearghail (2022-01-30). "Ag imirt do Ghaillimh in aghaidh Dhoire a bhí mé Domhnach na Fola…" (ga-IE). PEIG. Dáta rochtana: 2023-02-02.
  10. "Cearnóg Mhuirfean Thoir/Merrion Square East" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  11. 11.0 11.1 Donncha Ó hÉallaithe (Iúil 2010). "Domhnach na Fola, Doire Colmcille 1972" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  12. Deaglan de Breadun (2016). "[Cois Life - Cinnlinte: Saol an Iriseora]". Dáta rochtana: 2022.
  13. Deaglan de Breadun (2016-05-01). "Cinnlinte: Saol an Iriseora" (as ga) ar Google. Cois Life. 
  14. COGG. "Stór Staire". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-07. Dáta rochtana: 2022.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar