Lu Xun
Bhí Lu Xun ar na scríbhneoirí Síneacha ba thábhachtaí sa 20ú haois. Rugadh ar an 25 Meán Fómhair 1881 in Shaoxing sa tSín é agus fuair sé bás ar an 19 Deireadh Fómhair 1936 in Shanghai. Bhí sé ina bhall de Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus de ghluaiseacht Baihua ar son caint na daoine leis na seánraí agus an stíl liteartha a leasú. Bunaitheoir litríocht nua-aimseartha na Síne ab ea é.
Lu Xun | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | 周樹人 |
Eolas breithe |
Shaoxing (en) ![]() |
Náisiúntacht |
Poblacht na Síne (1912–1949) ríshliocht Qing |
Grúpa eitneach |
Chinese people (en) ![]() |
Teanga dhúchais | An tSínis |
Bás | Shang-hai, Deireadh Fómhair 19, 1936 |
Áit adhlactha |
Lu Xun's tomb (en) ![]() |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | bás nádúrtha (eitinn) |
Muintir | |
Athair | Zhou Boyi |
Céile/Céilí |
Xu Guangping Zhu An (en) ![]() |
Páirtí/Páirtithe | Xu Guangping |
Páistí |
liosta iomláin
|
Siblíní |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater |
Ollscoil Tohoku Kobun Institute (en) ![]() Sendai Medical College (en) ![]() |
Teangacha |
An tSeapáinis An Béarla An Ghearmáinis An Rúisis Esperanto Classical Chinese (en) ![]() written vernacular Chinese (en) ![]() An tSínis |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir aistí, file, léirmheastóir liteartha, Easparantóir, aistritheoir, úrscéalaí, léirmheastóir agus scríbhneoir |
Fostóirí | Ollscoil Phéicing |
Ballraíocht |
League of Left-Wing Writers (en) ![]() |
Gluaiseacht |
New Culture Movement (en) ![]() |
Sloinnte | Lu Xun, 豫才, 豫山 agus 豫亭 |
Gluaiseacht ealaíne |
aiste gearrscéal |
IMDb | nm0523770 |
![]() |
An t-ainmCuir in Eagar
Is ainm cleite é Lu Xun (i gcló Síneach simplithe: 鲁迅; i gcló Síneach traidisiúnta: 魯迅; i bPinyin: Lǔ Xùn, i dtrascríobh Wade-Giles: Lu Hsün).
Rugadh é mar Zhou Zhangshou, ach thug sé Zhou Shuren air féin ar ball (i gcló Síneach simplithe: 周树人; i gcló Síneach traidisiúnta: 周樹人; i bPinyin: Zhōu Shùrén; i dtrascríobh Wade-Giles: Chou Shu-jen).
A thábhacht litearthaCuir in Eagar
Scríobh Lu Xun i gcaint na ndaoine nó “Baihua”, in áit an teanga scríofa traidisiúnta “Wenyan”. Ach rinne scríbhneoirí roimhe cheana é, m. sh. Huang Zunxian: "Scríobhann mo lámh mar a labhraíonn mo bhéal“. Ach bhunaigh Lu Xun litríocht Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus d’éirigh a litríocht amach in aghaidh na dtraidisiún Confúiceach scothroghnach. In ainneoin thurnamh ríshliocht Qing sa réabhlóid i 1911 (réabhlóid Xinhai) agus forógra Phoblacht na Síne, mhair na seanstruchtúirí Confúiceacha feodacha fós. Ba í an eitic Chonfúiceach (agus an teanga scríofa chlasaiceach Wenyan chomh maith) meán na seantuairimi agus na seanbharrshamhaileacha. Mar sin chuir a ghearrscéal Dialann Fear Buile i gcoinne an tseanchórais luachanna agus nocht sé an eitic fíoraosta mar "daoniteach" go siombalach.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |