Máire na hÉigipte

Naomh is ea Máire na hÉigipte a mhair sa cheathrú haois AD. Bhí an-chlú uirthi san Iarthar sa Mheánaois agus tá adhradh fós uirthi i measc an hEaglaisí Cheartchreidmheacha.

SaolCuir in Eagar

Rugadh Máire san Éigipt tuaraim is 344. D'éalaigh sí óna baile féin agus dá bhliain déag aici agus chuaigh sí leis an striapachas agus fágadh ina bean déirce é i gCáthair Alastair Mhóir.

Tar éis seacht mbliain déag mar seo, chuaigh sí ar oilithreacht go Iarúsailéim. Nuair a shroic sí Iarúsailéim, níor eirigh léi dul isteach i dTeampall an Tuama Naofa go dtí gur ghuigh sí do Muire Máthair Dé ag iarraidh maithiúnas. Chuala sí guth a insint di dul don taobh eile den Iordáin chun síochána a fháil. Rinne sí amhlaidh agus chuaigh sí chuig faoistin i manaistir Eoin Baiste. Thrasnaigh sí an Iordáin athuair agus chaith sí a saol mar dhíthreabhach sa ghaineamhleach.

 
17ú haois Beliy Gorod

BásCuir in Eagar

Tuaraim is bhliain sula a d'éag sí, chas Sosimus Naofa uirthi agus d'inis sí scéal a bheatha dó. Bí sí lomnocht ag an am agus ní raibh sé soléir do Sosimus ar dtús an duine a bhí inti. D'iarr sí ar a bhrat a chaitheamh impi. Tar éis di a scéal a insint, d'iarr sí air teacht ar ais ar an Déardaoin Mandála dár gcionn. Rinne sé dá réir agus tháinig Máire chuige ag siúl ar uisce na hIordáine.

D'imigh Sosimus ar ais don áit sin bliain ina a dhiaidh sin agus tháinig sé ar a corp. Bhí teachtaireacht scríofa sa ghaineamh go bhfuair sí bás an oíche a ghlac sí comaoineach uaidh. Mar sin féin, ní raibh truallú ar a corp. Chuir Sosimus corp Mháire le cabhair ó leon a tháinig air ag an bpoínte sin. De réir an traidisiún Caitiliceach, tharla sé sin sa bhliain 421.

Ceiliúrtar féile Máire na hÉigipte ar 3ú Aibreán san Eaglais Caitiliceach agus ar 1ú Aibreán agus ar an gcúigiú Domhnach sa Charghais Mór san Eaglais Ceartchreidmheach. In ealaíon, taispeántar í mar seanbhean nocht le gruaig sár-fhada.

 
I15ú haois (British Library)

TagairtíCuir in Eagar