Máirtín Ó Corrbuí
Ba scríbhneoir é Máirtín Ó Corrbuí, a rugadh láimh leis an Aonach i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1912. Tar éis dó tamall de bhlianta a chaitheamh i bpost múinteoireachta i gContae Luimnigh, d'aistrigh sé go Baile Átha Cliath. D'fhoilsigh sé breis agus tríocha leabhar. Bhí aithne air mar scríbhneoir staire agus mar scríbhneoir do dhéagóirí. Fuair sé bás sa bhliain 2002.
Máirtín Ó Corrbuí | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | An Pháirc Bhuí, 17 Samhain 1912 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | 8 Bealtaine 2002 |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir |
NaiscCuir in Eagar
- Máirtín Ó Corrbuí Curtha i gcartlann 2011-01-08 ar an Wayback Machine
DUAISEANNA CHLUB LEABHAR NA SÓISEAR 1968/1969Cuir in Eagar
Tá na duaiseanna seo á dtairiscint ar bhunleabhair (20-30,000 focal) a scríobhfar d'óg léitheoirí na Gaeilge, buachaillí agus nó cailíní (14-17 bliana d'aois). Tá an comórtas seo roinnte ina dhá chuid : (i) Mion-úrscéalta. Céad duais, £75 ; dara duais, £15. (ii) Ábhar eile, seachas mion-úrscéalta. Céad duais, £75 ; dara duais, £15.
Roinn (i) Duais Aitheantais, £45 : Róisín Nic Dhonnchadha. 25 Bóthar Glas Árd, Baile Átha Cliath, 6. ("Maidhc sa Danmhairg"). Roinn (ii) Duais Aitheantais, £45 : Máirtín Ó Corrbuí, Páilís Chaonraí, Co. Luimnigh. ("An Bheach").
Moltóirí: Caoimhín Ó Marcaigh, M.A., agus Conchubhar Rónáin, M.A.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |