Mícheál Ó Súilleabháin

ceoltóir Éireannach

Ceoltóir, cumadóir agus fear léinn ab ea an tOllamh Mícheál Ó Suilleabháin (10 Nollaig 19507 Samhain 2018).[1] Bhí cáil ar an chomhréiteach a rinne an Suilleabhánach ar cheol traidisiúnta agus ar cheol clasaiceach.[2][3]

Infotaula de personaMícheál Ó Súilleabháin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Nollaig 1950
Tiobraid Árann, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Samhain 2018
67 bliana d'aois
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Coláiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpianódóir, docent (en) Aistrigh, acadóir, cumadóir, eitnicheoleolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1976 –
FostóirOllscoil Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol clasaiceach
TeangachaBéarla
UirlisPianó
Lipéad ceoilSony BMG Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmosmusic.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: b607f644-5475-4513-805f-ba68161ae5d1 Discogs: 766272 Allmusic: mn0000468107 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rugadh Mícheál Ó Suilleabhán i gCluain Meala i mí na Nollag sa bhliain 1950, áit ina raibh siopa beag grósaeireachta ag a mhuintir.[2]  

Ba léir ó aois an-óg go mbeadh ar a chumas draíocht a bhaint as pianó. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna pianó ina óige agus faoin am a raibh sé ina dhéagóir bhí an giotár faoina smacht aige chomh maith agus é ag cur bannaí ceoil le chéile.

Ba é Mícheál Ó Súilleabháin an chéad duine ina theaghlach a fuair oideachas 3ú leibhéal. Tháinig sé faoi anáil an teagascóra Sean Ó Riada i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

I lár na seachtóidí thosaigh an Suilleabhánach ag léachtóireacht i UCC agus chuir sé roimhe cló nua a bhualadh ar stádas an cheoil thraidisiúnta san oideachas.[4] Bhí sé ina cheannasaí ar an Roinn Ceoil i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh.

Sa mbliain 1994, bhunaigh an Súilleabhánach Ionad Domhanda an Cheoil Éireannaigh in Ollscoil Luimnigh.[5] Forbairt í sin a chabhraigh tuilleadh le cur chun cinn na físe aige agus a thug deis níos fearr do go leor daoine óga céim, máistreacht agus dochtúireacht a dhéanamh i gceol traidisiúnta na hÉireann.  

D’éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis Ó Laoire a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad. Chinn siad ar fhéile bheag, Lá na nAmhrán, a chur ar bun an chéad bhliain sin.[6]

Ollamh Emeritus le Ceol ag Ollscoil Luimnigh ab ea é. D'éirigh sé as a chuid cúramaí ollscoile i 2016.[4]

Pearsanta cuir in eagar

Bhí an Suilleabhánach pósta le Nóirín Ní Riain, an t-amhránaí, agus beirt clainne orthu, Eoin agus Micheál. Phós sé an tOllamh Helen Phelan níos déanaí agus bhí mac acu. Luke.[7]

 
1996, ar chlé

Saothar cuir in eagar

I measc a shaothar, tá: The Dolfins Way, Oileán/Island, Casadh, Gaisce, Woodbrook agus ‘Oíche Nollag’.[8]

Threabh sé branar úr le The Dolphin’s Way i 1987, saothar a rinne sé lena chomhbhádóir buan, Mel Mercier. Tháinig Oileán amach i 1989 agus tharraing Woodbrook agus (Must Be More) Crispy cáil ar fud na cruinne air. Ina albam “Idir Eatarthu” úsáideann sé ceolfhoireann, cláirseach, fidil, cruitchlár, agus bodhrán.[9]

Stiúir sé an seó leathama  Lumen, a taispeánadh ag an Chomórtas Eurofíse i 1995.

Sa mbliain 1995 chomh maith, chuir sé an tsraith theilifíse River of Sound (The Changing Course of Irish Traditional Music) i láthair.

Conspóid cuir in eagar

Cumadóir 'avant garde' a bhi ann agus rinne sé turgnaimh leis an cheol.[10] Bhain conspóid lena shaothar toisc an bhéim a chuir sé go minic ar cheol a bhí nua dána.[5]

Duaiseanna cuir in eagar

Bhronn Coláiste na hOllscoile Corcaigh Céim Dochtúireachta Oinigh air in 2005.

Ba é an chéad duine ar bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann Ollamh na hÉigse air in 2006.

Sa bhliain 2011, bronnadh Gradam na Comaoine TG4 air mar aitheantas ar a chuid saothair.

Bronnadh Saoirse Chluain Mheala air i 2016.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Death Notice of Mícheál Ó SÚILLEABHÁIN" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2018-11-08). "An tOllamh Mícheál Ó Suilleabháin ar shlí na fírinne" (as ga). 
  3. Miriam on Sunday, RTÉ (Music Special to mark Mícheál Ó Súilleabháin's retirement from UL) (2016). "Agallamh le Mícheál Ó Súilleabháin" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  4. 4.0 4.1 Toner Quinn (9 Samhain 2018). "‘Beidh sé ina réalta eolais feasta againn’ – Mícheál Ó Súilleabháin 1950-2018" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  5. 5.0 5.1 Acadamh Ceoil agus Rince Domhanda na hÉireann
  6. Éamonn Ó Dónaill (Nollaig 2003). "Lillis Ó Laoire" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  7. RTÉ. "‎Sunday with Miriam: agallamh le Professor Helen Phelan" (en-GB). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  8. COGG. "Oíche Nollag". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-11-07. Dáta rochtana: 2022.
  9. ccea.org.uk. "Ceol". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-07. Dáta rochtana: 2022.
  10. Robert McMillen (DF 2003). "Neil Martin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-07.