Mícheál Óg Ó Longáin

file Éireannach

File agus scríobhaí ba ea Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837).[1] Fáisceadh é as treabhchas léannta i gCarraige na bhFear i gContae Chorcaí, agus scríobh sé neart dánta agus lámhscríbhinní.

Infotaula de personaMícheál Óg Ó Longáin
Beathaisnéis
Breith1766
Bás1837
70/71 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, liriceoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Ceithre bliana d'aois a bhí an file nuair a cailleadh Mícheál mac Peadair, a athair, agus bhí sé ocht mbliana nuair a cailleadh a mháthair. Chaith Mícheál Óg seal ina bhuachaill bó agus chuaigh ar scoil arís in aois a ocht bliana déag. Bhí sé ina theachtaire ag na hÉireannaigh Aontaithe le linn éirí amach na bliana 1798, agus murab ionann is formhór fhilí Seacaibíteacha Chúige Mumhan bhí lé aige leis an bpoblachtachas. Bhí díomá air toisc nár éirigh Cúige Mumhan go léir amach.

Phós sé sa bhliain 1800 agus mhair a chúram go beo bocht tamall. Idir na blianta 1802 agus 1807 bhí sé ina chónaí i dtuaisceart Chiarraí agus in oirthear Luimnigh. Sa bhliain 1814 fuair sé obair mar mhúinteoir agus scríobhaí ó Sheán Ó Murchú, Easpag Chorcaí. Tá timpeall céad is caoga lámhscríbhinn dá chuid le fáil fós, litríocht a linne i gcuid acu agus seanábhar i gcuid eile nach bhfuil teacht air in aon áit eile. Bhí a chlann mac, Peadar, Pól agus Seosamh, ina scríobhaithe freisin, agus fuair sé bás ar ghabháltas aon acra déag a bhí ag Pól ar an gCnoc Buí i gCarraig na bhFear.

Tá grá tíre an fhile agus cuid dá shearbhas le haithint ar an sliocht seo as Do chuala scéal:

Ó chím an cás mar atá ag ár muintir,
Is go bhfuail na búir go dlúth 'na dtimpeall,
Preabfad chun siúil anonn thar taoide
Is tiocfad anall le Francaigh líofa.
Go bhfeiceam Éire saor gan daoirse,
Is an bhratainn uaine in uachtar scaoilte,
Gach tíoránach claoincheardach coimhthíoch,
In ainm an diabhail is gan Dia dá gcoimhdeacht[2]

Tagairtí cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Ó Donnchadha, Rónán: Mícheál Óg Ó Longáin, file. Baile Átha Cliath: Coiscéim 1994.

Ó Conchúir, Breandán: Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850. Baile Átha Cliath: Clóchomhar 1982.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

[1] The Oxford Companion to Irish Literature: Mícheál Óg Ó Longáin.