Mícheál Mac Donncha
polaiteoir Éireannach
Polaiteoir de chuid Shinn Féin is ea Mícheál Éamonn Mac Donncha. Bhí sé ina ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath ó Mhí Meithimh na bliana 2017 go 2018. Tá sé ina bhall de Chomhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath do cheantar Beaumont-Domhnach Míde ó mí Bealtaine na bliana 2014 i leith.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Márta 1965 59 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Ardmhéara Bhaile Átha Cliath | |
5 Meitheamh 2017 – 6 Meitheamh 2018 ← Brendan Carr (en) – Nial Ring (en) → | |
Ball de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | |
21 Deireadh Fómhair 2011 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Roghnaíodh é do chomhairle na cathrach sa bhliain 2011, chun an bhearna a líonadh i ndiaidh éirí as oifig Killian Forde. Toghadh é sa bhliain 2014 don toghcheantar Beaumont-Domhnach Míde.[2] Iar-eagarthóir An Phoblacht atá ann.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "This man is the new Lord Mayor of Dublin city". TheJournal.ie.
- ↑ "Micheál MacDonncha". ElectionsIreland.org.
- ↑ "This man is the new Lord Mayor of Dublin city". TheJournal.ie.