Mícheál W. Ó Murchú

múinteoir agus scríbhneoir Éireannach

Saolaíodh agus tógadh Mícheál W. Ó Murchú i Ráth Chormaic, Co. Chorcaí, áit a bhfuair sé oideachas bunscoile. D’fhreastail ar Choláiste Cholmáin Naofa, Mainistir Fhear Maí agus ar ollscoileanna éagsúla in Éirinn.

Infotaula de personaMícheál W. Ó Murchú
Gníomhaíocht
Gairmléachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Mhúin sé sa Cheardscoil i Maigh Chromtha. Ina dhiaidh sin bhí sé ina léachtóir sa Roinn Oideachais, Coláiste Ollscoile Chorcaí, ina Stiúrthóir Náisiúnta ar Aontas – An Cumann Náisiúnta um Oideachas Aosach, agus ina Bhainisteoir Oideachais i mBord na Gaeilge. Bhain sé amach M.Litt. ar an oideachas comparáideach ó Choláiste na Tríonóide agus Ph.D. ar an oideachas aosach ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Le blianta beaga is Oifigeach na Gaeilge é i gColáiste na Tríonóide agus Teagascóir Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Foilsíodh cnuasach aistí dá chuid den teideal "Páirc na hImeartha" (Coiscéim) sa bhliain 2005.

Saothair cuir in eagar

  • 1970 - Education in Ireland : Now and the Future, Mercier Press, Cork
  • 1971 - Education in Ireland 2 : What Should Students Learn? Mercier Press, Cork
  • 1972 - Education in Ireland 3 :To Unleash the Potential, Mercier Press, Cork
  • 1983 - Sláinte Mhaith! Sraith léachtanna phoiblí ar an sláinte, Bord na Gaeilge / BÁC
  • 1984 - Adult Education in Europe - Ireland Studies and Documents, Prague, Unesco, Paris
  • 1988 - Aspects of Bilingual Education : the Italian and Irish Experience, Bord na Gaeilge / BÁC
  • 2005 - Páirc na hImeartha, Coiscéim, Baile Átha Cliath / BÁC
  • 2006 - Lifelong Learning in Europe, National University of Ireland Galway,/ NUIG

Tagairtí cuir in eagar