Móilíní orgánacha a ainmniú

Ainmnítear móilíní orgánacha de réir rialacha a chum AIGCF (nó IUPAC sa Bhéarla).

Chun ainmneacha fada agus liodánacha a sheachaint i ngnáthchumarsáid, ní leantar i gcónaí moltaí ainmniúcháin oifigiúla AIGCF, ach amháin nuair is gá sainmhíniú iomlán gan athbhrí a thabhairt ar chomhdhúil. Uaireanta is féidir ainmneacha AIGCF a bheith níos simplí ná ainmneacha níos sine, mar atá le heatánól, in ionad alcól eitile. Maidir le móilíní réasúnta simplí is furasta iad a thuiscint ná ainmneacha neamh-chórasacha, nach mór a fhoghlaim nó a scrúdú. Mar sin féin, is minic a bhíonn beagainm nó ainm neamhchórasach i bhfad níos giorra agus níos soiléire, agus mar sin is fearr leas a bhaint as. Is minic a dhíorthaítear na hainmneacha neamhchórasacha seo ó fhoinse bhunaidh den chomhdhúil. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh nach mbeadh ainmneacha an-fhada chomh soiléir le foirmlí struchtúracha.

Tá sainrialacha ag an AIGCF do gach sraith homalógach, ach go ginearálta:

  • Aithnítear agus uimhrítear an slabhra carbóin leanúnach is faide. An chéad chomhpháirt den

phríomhainm, léiríonn sí líon na n-adamh carbóin sa tslabhra is faide: meit (1), eit (2), próp (3), bút (4), peint (5), heics (6)

  • Déantar feidhmghrúpaí sainiúla atá ceangailte leis an tslabhra carbóin is faide a shainaithint agus tugann siad sin príomhainm na comhdhúile
  • Adaimh (seachas an hidrigin) nó grúpaí atá ceangailte leis an chnámh droma carbóin, uimhrítear iad bunaithe ar an adamh carbóin/na hadaimh charbóin a bhfuil siad ceangailte leis/leo. Uimhrítear an cnámh droma sa chaoi is go dtugtar an uimhir is lú is féidir do na ghrúpaí malartaí.
  • Cuirtear grúpaí malartaí isteach i dtús an ainm
  • Úsáidtear fleiscíní in ainm le huimhir agus litir a nascadh
  • Úsáidtear camóga in ainm idir uimhreacha.

Mar shampla:

2-meitiolprópán peint-2-éin 2-brómabútán 4-meitilpeint-2-ól 2,2-déclóraprópán

Prionsabail bhunúsacha cuir in eagar

Sa cheimic, úsáidtear roinnt réimír, iarmhíreanna agus inmhíreanna chun cur síos a dhéanamh ar chineál agus ar shuíomh na bhfeidhmghrúpaí sa chomhdhúil.

Seo a leanas na céimeanna chun comhdhúile orgánaí a ainmniú:

  1. slabhra an mháthairhidreacarbóin a shainaithint. Caithfidh an slabhra seo cloí leis na rialacha seo a leanas, in ord tosaíochta:
    1. Ba cheart go mbeadh an uasmhéid malartaithe aige d'fheidhmghrúpa na hiarmhíre. Ó thaobh na hiarmhíre, tá sé i gceist gur chóir go mbeadh iarmhír ag an mathairfheidhmghrúpa, murab ionann agus malartaithe halaigine. Má tá níos mó ná feidhmghrúpa amháin i láthair, ba cheart an ceann a bhfuil an tosaíocht is airde aige a úsáid.
    2. Ba cheart go mbeadh an uasmhéid ilnasc aige.
    3. Ba cheart go mbeadh an fad uasta aige.
    4. Ba cheart go mbeadh an líon uasta malartaithe nó brainsí luaite mar réimíreanna
    5. Ba cheart go mbeadh an líon uasta nasc singil aige.
  2. An mathairfheidhmghrúpa a shainaithint, más ann dó, leis an ord tosaíochta is airde.
  3. Na taobhshlabhraí a shainaithin. Is éard is taobhshlabhraí ann ná na slabhraí carbóin nach bhfuil sa mháthairshlabhra, ach atá ina gcraobh-slabhraí de.
  4. Na feidhmghrúpaí atá fágtha a aithint, más ann dóibh, agus iad a ainmniú de réir a réimíreanna ianacha (mar shampla hiodrocsa- do -OH, ocsa- do = O, ocsalcán do OR, srl.).
    Grúpáiltear taobhshlabhraí agus feidhmghrúpaí éagsúla le chéile in ord aibítre. (Ní chuirtear na réimíreanna dé-, trí-, srl. san áireamh le haghaidh grúpála in ord aibítre.
  5. Naisc dhúbailtee / naisc thriaracha a aithint.
  6. Uimhriú an tslabhra. Déantar é seo tríd an slabhra a uimhriú sa dá threo ar dtús (clé go deas agus deas go clé), agus ansin an t-uimhriú a leanann na rialacha seo a roghnú, in ord tosaíochta.
    1. Tá uimhir an locant/s is lú aige d'iarmhír an fheidhmghrúpa. Is iad na locants na huimhreacha ar na carbóin a bhfuil an malartaí ceangailte go díreach leo.
    2. Tá uimhir an locant/s is lú aige le haghaidh ilnasc (Is é an locant d'ilnasc ná uimhir an charbóin in aice láimhe le uimhir níos ísle).
    3. Tá uimhir an locant/s is lú aige do réimíreanna.
  7. Uimhriú na malartaithe agus na nasc éagsúíl lena locans. Má tá níos mó ná ceann amháin den mhalartaí /nasc dúbailte ann, cuirtear réimír leis a thaispeánann cé mhéad atá ann (dé-2 trí - 3 teitre- 4 ansin maidir le líon na gcarbón faoi le 'a' sa bhreis)

Grúpálfar na huimhreacha, don chineál sin taobhshlabhra, in ord ardaitheach agus scríobhfar iad roimh ainm an taobhshlabhra. Má tá dhá thaobhshlabhra leis an alfa-charbón céanna, scríobhfar an uimhir faoi dhó.

Nuair is críochfheidhmghrúpa an príomhfheidhmghrúpa (grúpa nach féidir a bheith ann ach ag deireadh an tslabhra, amhail grúpaí aildéide agus carbocsaileacha.), ní gá é a uimhriú.

  1. Socrú san fhoirm seo: Grúpa de thaobhslabhraí agus feidhmghrúpaí tánaisteacha le huimhreacha déanta i gcéim 3 + réimír an mháthairslabhra hidreacarbóin (eat, meat) + naisc dhúbailte / thriaracha le huimhreacha (nó "án") + iarmhír an mháthairfheidhmghrúpa le huimhreacha.
    Cibé áit a deir sé "le huimhreacha", tuigtear go n-úsáidtear an réimír (dé-, trí-) idir an focal agus na huimhreacha.
  1. Poncaíocht a chur leis:
    1. Cuirtear camóga idir uimhreacha (déantar 2,5,5 de 2 5 5)
    2. Cuirtear fleiscíní idir uimhir agus litir (déantar 2,5,5-trímheitilheaptáin as 2 55-trímheitilheaptáin)
    3. Déantar focail comhleantacha a chumasc in aon fhocal amháin (déantar trímheitilheaptáin de thrímheitil heaptáin)
      Nóta: Úsáideann AIGCF ainmneacha aonfhocail ar fud. Sin é an fáth go bhfuil gach cuid ceangailte le chéile.

Sampla Seo móilín samplach ina bhfuil na máthaircharbóin uimhrithe:

 

De ghrá na simplíochta, seo íomhá den mhóilín chéanna, ina mbaintear na hidriginí sa mháthairshlabhra agus ina dtaispeántar na carbóin de réir a n-uimhreacha:

 

Anois, ag leanúint na gcéimeanna thuas luaite:

  1. Tá 23 charbón sa mháthairshlabhra hidreacarbóin. Tugtar trícaisi- air.
  2. Is iad na feidhmgrúpaí a bhfuil an tosaíocht is airde acu ná an dá ghrúpa céatóin.
    1. Tá na grúpaí ar adaimh carbóin 3 agus 9. Toisc go bhfuil dhá cheann ann, scríobhaimid 3,9-dé-óin.
    2. Tá uimhriú an mhóilín bunaithe ar na grúpaí céatóin. Agus iad ag uimhriú ó chlé go deas, bíonn na grúpaí céatóin uimhrithe 3 agus 9. Ag uimhriú ó dheis go clé, bíonn na grúpaí céatóin uimhrithe 15 agus 21. Tá 3 níos lú ná 15, mar sin tá na cetóin uimhrithe 3 agus 9. Is í an uimhir is lú a úsáidtear i gcónaí, ní suim uimhreacha na gcomhábhar.

Tagairtí cuir in eagar