Is móilíní iad móilíní dé-adamhacha nach bhfuil iontu ach dhá adamh, den dúil cheimiceach chéanna nó éagsúil. Is de bhunadh na Gréige an réimír dé-, rud a chiallaíonn "dhá". Má tá dhá adamh den dúil chéanna i móilín dé-adamhach, mar shampla hidrigin (H 2 ) nó ocsaigin (O 2 ), deirtear go bhfuil sé homanúicléach. Seachas sin, má tá dhá adamh difriúil i móilín dé-adamhach, mar aonocsaíde carbóin (CO) nó ocsaíd nítreach (NO), deirtear go bhfuil an móilín heitreanúicléach. Tá an nasc i móilín homanúicléach dé-adamhach neamhpholach .

Íomha líonadh spáis den mhóilín dé-adamhach dénítrigin N 2
Tábla peiriadach a thaispeánann na dúile atá ann mar mhóilíní homanúicléacha dé-adamhacha faoi ghnáthchoinníollacha saotharlainne.

Tagairtí cuir in eagar