Músaem Daonchultúir agus Iompair Uladh
Iarsmalann i gCúl Trá, Contae an Dúin, atá in Músaem Daonchultúir agus Iompair Uladh (Béarla: Ulster Folk and Transport Museum). Tá an músaem suite 11 míle (6.8 km) soir ó Bhéal Feirste. Cuimsíonn sé dhá mhúsaem, mar atá an Músaem Daonchultúir agus an Músaem Iompair. Is é cuspóir an Músaem Daonchultúir saol agus traidisiúin mhuintir Thuaisceart na hÉireann a léiriú. Cuireann an Músaem Iompair fócas ar mhodhanna iompair talaimh, mara agus aeir. Tá sé ar na ceithre mhúsaem de chuid Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann (National Museums Northern Ireland).
Músaem Daonchultúir agus Iompair Uladh | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Railway museum (en) agus músaem náisiúnta | |||
Cuid de | Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann | |||
Foirgníocht | 1967 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Cúl Trá, Northern Ireland | |||
Suíomh | Cultra, Holywood, BT18 0EU, Northern Ireland | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | uftm.org.uk | |||
Is ag an Músaem Daonchultúir atá na príomhchartlannaí de scannáin, grianghraif, míreanna teilifíse agus fuaimthaifeadáin i dTuaisceart na hÉireann. Coimeádann an músaem cartlann na gclár raidió agus teilifíse de chuid BBC Thuaisceart Éireann. Tiocfar ag an músaem fosta ar bhreis is 2,000 uaire de chraolacháin Ghaeilge a rinne Raidió na Gaeltachta idir na blianta 1972 agus 2002 óna stiúideonna sna Doirí Beaga, Contae Dhún na nGall. Tá cartlann ann chomh maith le hábhar a bhaineann le canúintí Uladh agus leabharlann le 15,000 leabhar agus tréimhseachán. Bíonn an chartlann agus an leabharlann ar oscailt don phobal le linn gnáthuaireanta oifige.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil na páirce. Arna rochtain ar 5 Iúil 2016 Curtha i gcartlann 2003-05-27 ar an Wayback Machine
- Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann, arna rochtain ar 5 Iúil 2016
Is síol faoi thíreolaíocht Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |