Mai Zetterling
B'aisteoir agus léiritheoir scannán as an tSualainn í Mai Elisabeth Zetterling ( 24 Bealtaine 1925 - Londain, 17 Márta 1994). Tá clú agus cáil uirthi lasmuigh dá tír mar gheall ar na scannáin a rinne sí le Ingmar Bergman, díreach tar éis an chogaidh: Hets (1945), Frieda (1947), agus Dead Lovers (1948). Rinne sí go leor do chearta na mban i saol na scannán.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Bealtaine 1925 Västerås, An tSualainn |
Bás | 17 Márta 1994 68 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stiúrthóir scannán, aisteoir stáitse, scríbhneoir scripte, aisteoir scannáin |
Tréimhse oibre | 1941 – 1994 |
Teangacha | Béarla |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1976 | 1976 Cannes Film Festival (en) |
1973 | 1973 Cannes Film Festival (en) |
1968 | 1968 Cannes Film Festival (en) |
1965 | 1965 Cannes Film Festival (en) |
Teaghlach | |
Céile | Tutte Lemkow (1944–1953) |
|
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Zetterling i Västerås, an tSualainn do theaghlach den lucht oibre.[1] Thosaigh sí a gairm mar aisteoir ag 17 mbliana d'aois ag Dramaten, amharclann náisiúnta na Sualainne, i scannáin le linn an dara cogadh domhanda..
Gairmréim
cuir in eagarBhí Zetterling le feiceáil i léiriúcháin scannán agus teilifíse a chuimsíonn sé scór bliain ó na 1940idí go dtí na 1990idí. Bhain sí cáil amach di féin sa scannán Hets (Gaeilge:Céasadh) a scríobh Ingmar Bergman di sa bhliain 1944, ina raibh ról conspóideach aici mar chailín siopa cráite. Go gairid ina dhiaidh sin bhog sí go Sasana agus bhain sí rath amach ar an toirt ansin agus a ról i Frieda faoi stiúr Basil Dearden (1947) ag aisteoireacht in éineacht le David Farrar.
Tar éis filleadh gairid ar an tSualainn inar oibrigh sí le Bergman arís ina scannán Musik i mörker (1948) (Gaeilge: Ceol sa dorchadas), d'fhill sí ar an mBreatain agus ghlac sí páirt i roinnt scannán sa Ríocht Aontaithe, ag aisteoireacht in éineacht le príomhfhir mar Tyrone Power, Dirk Bogarde, Richard Widmark, Laurence Harvey, Peter Sellers, Herbert Lom, Richard Attenborough, Keenan Wynn, Stanley Baker agus Dennis Price.
I measc cuid dá scannáin shuntasacha mar aisteoir tá Quartet (1948), scannán bunaithe ar chuid de ghearrscéalta W. Somerset Maugham, The Romantic Age (1949) faoi stiúir Edmond T. Gréville, Only Two Can Play (1962) le comh - réalta Peter Sellers agus faoi stiúir Sidney Gilliat, agus The Witches (1990), athchóiriú ar leabhar Roald Dahl faoi stiúir Nicolas Roeg. Tar éis cáil a bhaint amach mar shiombail ghnéasach i ndrámaí agus scéinséirí, bhí sí chomh héifeachtach céanna i ngeamaireachtaí, agus bhí sí gníomhach i dteilifís na Breataine sna 1950idí agus sna 1960idí.
Thosaigh sí ag stiúradh agus ag foilsiú úrscéalta agus neamhfhicsin go luath sna 1960idí, a cuid scannán ag tosú le cláir faisnéise pholaitiúla agus gearrscannán dar teideal The War Game (1963), a ainmníodh do ghradam BAFTA, agus a bhuaigh Leone d'argento (Leon airgid) san Veinéis, don Ghearrscannán is Fearr. Cuireadh cosc ar a céad phríomhscannán Älskande par (1964, "Lánúineacha Grámhara "), bunaithe ar úrscéalta Agnes von Krusenstjerna, ag Féile Scannánsíochta Cannes as a gnéis gháirsiúlacht agus a nochtacht. Thug Kenneth Tynan ó The Observer "one of the mostbitious debuts since Citizen Kane" air ina dhiaidh sin. Níorbh é an t-aon scannán é a rinne sí a tharraing conspóid as a chuid collaíochta oscailte.