Maine mac Cearbhaill

Rí Uisnigh

Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Maine mac Cearbhaill (Sean-Ghaeilge Maine mac Cerbaill) (bás 538). Fergus Cerrbél, garmhac Conaill Criomhthainn (died 480), ba ea a athair, agus an tArdrí Diarmaid (died 565) a dheartháir.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 520 go dtí 538.[2]

Infotaula de personaMaine mac Cearbhaill
Beathaisnéis
Bás538
Teaghlach
TeaghlachUí Néill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFergus Cerrbél (?)

Cloíodh agus maraíodh Maine i gCath Claenloch (gar do Chineál Aodha, Contae na Gaillimhe) ag Goibhneann mac Conaill de mhuintir Uí Fhiachrach Aidhne.[3][4] Bhí Maine ag iarraidh gialla a éileamh ó chlann Uí Mhaine. Mar thoradh an chatha seo, tháinig Uí Mhaine faoi ghéillsine na gConnacht, agus Cineál Mhaine as Tethba faoi ghéillsine Uí Néill an Deiscirt.[5] D'fhéadfadh é gur tharla an cath seo ar bhruach Loch Chléithe, gar don Chéide i gContae Ard Mhacha. Más fíor, cuireann seo in úil gurbh as na críocha taobh ó thuaidh den Bhóinn agus an Blackwater í clann Diarmada mhic Cearbhaill.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 282
  2. Tugtar réimeas dhá bhliain déag dó sa Leabhar Laighneach, liosta Rig Uisnig
  3. Annála Uladh, AU 538.2
  4. Annála Tiarnaigh 537.1
  5. Byrne, lch. 92
  6. Byrne, lch. xvii