Mainistir Mhuraisce

iar-theach de chuid na nAgaistíneach

Mainistir Mhuraisce[1] suite ar chladaí Chuan Mó agus faoi scáth Chruach Phádraig. Bhunaigh na bráithre Agaistíneacha an mhainistir sa bhliain 1456 mar gheall 'nach bhfuil fios a gcreideamh tugtha do mhuintir na dúiche go dtí seo'.[2][3]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Mhuraisce
Íomhá
Sonraí
CineálFothrach mainistreach
Foirgníocht15 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire
Map
 53°46′55″N 9°38′22″W / 53.781962°N 9.639569°W / 53.781962; -9.639569
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir196

Bhronn Aodh Ó Máille, an taoiseach áitiúil Gaelach, an talamh ar na bráithre. Cuimsíonn na fothraigh foirgneamh ar chruth 'L' ina raibh séipéal, sacraistí agus seomra caibidle ina dtagadh na bráithre le chéile chun gnó a phlé agus chun an chaibidil ar riail an oird a léamh go laethúil.

Tá an séipéal fada agus caol, díreach mar a bhíonn séipéil Agaistíneacha.

Tá mínfhuinneog ar an taobh thoir, le cloigne snoite daonna ar an mballa taobh amuigh de. Tá roinnt mínfhuinneog ar an mballa ó dheas a bhfuil forbhallaí os a chionn. Tugann sé seo le fios dúinn go ndearnadh daingniú de chineál éigin ar an bhfoirgneamh.

Inniu cuir in eagar

Níl fágtha inniu den túr ar thaobh thiar an tséipéil ach bonnlíne de shiléar greanta easnach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar