Is í an mhaisuimhir (siombail A, ón bhfocal Gearmánach Atomgewicht meáchan adamhach),[1], ar a dtugtar maisuimhir adamhachuimhir núicléóin, ná líon iomlán na bprótón agus na neodrón (in éindí, ar a dtugtar an núicléóín) i núicléas adamhach. Tá sí cothrom le mais adamhach (ar a dtugtar mais iseatópach freisin) an adaimh arna shloinneadh in aonad maise adamhaí. Ó tharla gur baróin iad prótóin agus neodróin, tá an mhaisuimhir A comhionann leis an uimhir baróin B den núicléas (agus leis an adamh nó an ian iomlán freisin). Tá an mhaisuimhir difriúil do gach iseatóp éagsúil dúile ceimicí. Dá réir sin, tugann an difríocht idir an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach Z líon na neodrón (N) i núicléas ar leith: N = A - Z. [2]

Na hiseatóip de Charbón, Nítrigin agus Ocsaigin

Scríobhtar an mhaisuimhir i ndiaidh ainm na dúile nó mar fhorscript ar thaobh na láimhe clé de shiombail na dúile. Mar shampla, is é an t-iseatóp is coitianta de charbón carbón-12, nó 12C, a bhfuil 6 phrótón agus 6 neodrón ann. Bheadh ​​an uimhir adamhach ( Z ) mar shíntiús ar thaobh na láimhe clé den tsiombail dúile díreach faoi bhun na maise:[3]

Athruithe ar líon maise i meath radaighníomhachCuir in Eagar

Tá cineálacha éagsúla an mheatha radaighníomhaigh ina a chomhartha sóirt ag a n-athruithe ar an mhaisuimhit chomh maith leis an uimhir adamhach, de réir dhlí díláithriúcháin radaighníomhach Fajans agus Soddy. Mar shampla, meathann úráiniam-238 trí alfa-mheatha de ghná, nuair a chailleann an núicléas dhá neodrón agus dhá phrótón i bhfoirm alfa-cháithníní. Mar sin laghdaíonn an uimhir adamhach agus líon na neodrón de 2 (Z: 92 → 90, N: 146 → 144), ionas go laghdaíonn an mhais-uimhir de 4 (A = 238 → 234); adamh de tóiriam-234 agus alfa-cháithnín an toradh (42He2+):[4]

23892U → 23490Th + 42He2+

TagairtíCuir in Eagar

  1. Jensen, William B. (2005). The Origins of the Symbols A and Z for Atomic Weight and Number. J. Chem. Educ. 82: 1764. https://pubs.acs.org/doi/abs/10.1021/ed082p1764.
  2. How many protons, electrons and neutrons are in an atom of krypton, carbon, oxygen, neon, silver, gold, etc...?https://education.jlab.org/qa/pen_number.html
  3. Elemental Notation and Isotopes. http://www.fordhamprep.org/gcurran/sho/sho/lessons/lesson35.htm
  4. Suchocki, John. Conceptual Chemistry, 2007. Page 119.