Maredudd ab Owain Glyndŵr
Uasal agus mac Margaret Hanmer agus Owain Glyndŵr ab ea Maredudd ab Owain Glyndŵr. Creidtear gur ghlac sé páirt san éirí amach Glyndŵr sa Bhreatain Bheag idir 1400 agus 1416.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 haois |
Bás | 15 haois |
Teaghlach | |
Athair | Owain Glyn Dŵr agus Marred ferch Dafydd |
Siblín | Gwenllian ferch Owain Glyndŵr, Alys ferch Owain Glyndŵr, Catrin ferch Owain Glyndŵr agus Gruffudd ab Owain Glyndŵr |
Luathshaol
cuir in eagarNíl mórán eolas againn faoi leanbhaíocht pháistí Owain, agus níl a fhios againn dáta bhreithe Maredudd. Is dócha go raibh sé ró-óg chun páirt a ghlacadh le linn bhlianta níos luaithe an éirí amach. Níor ghabh na Sasanaigh Maredudd i rith na héirí amach, agus deirtear gur throid sé leis na Francaigh in aghaidh arm de chuid Anraí V Shasana ag Cath Agincourt sa bhliain 1415.
Tháinig sé ar ais chuig Tuaisceart na Breataine Bige, agus fórsa Albanach leis, timpeall sa bhliain 1416 chun daoine áitiúla a ghríosú. Shéan sé pardún ríoga dó féin agus a athair an chéad bhliain eile, a thairg oifigigh Rí Anraí V.
Pardún Ríoga
cuir in eagarSa bhliain 1420, d’iarr Séan Lancaster, 1ú Diúc Bedford Maredudd ar fhreastalódh sé an Rí sa Normainn. Shéan sé é. Ghlac Maredudd pardún dó féin sa bhliain 1421. Dá bharr sin, creidtear go raibh a athair, Owain, marbh ag an pointe seo. Bheadh Owain Glyndwr ina sheanfhear, dá mbeadh sé beo fós.
Ní eol dúinn cad a tharla do Maredudd tar éis sin, cosúil lena athair.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |