Marianella García Villas
Dlíodóir Salvadórach ab ea Marianella García Villas (7 Lúnasa 1948 – 13 Márta 1983). Tharraing sí aird ar na maruithe in El Salvador sa bhliain 1978. Sheas sí an fód ina thír dhúchais nuair a bhí sárú ar chearta an duine ar siúl.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Lúnasa 1948 San Salvador, An tSalvadóir |
Bás | 13 Márta 1983 34 bliana d'aois Suchitoto, An tSalvadóir |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | University of El Salvador (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, dlíodóir |
Teangacha | An Spáinnis |
Rinne saighdiúirí Garcia a éigniú agus a dhúnmharú in 1983, bliain i ndiaidh do Mhícheál Ó hUigínn a bheith i gceannas ar mhisean bailithe eolais chuig an tír chun iniúchadh a dhéanamh ar shléacht i sráidbhaile tuaithe El Mozote.[1]
Tá ainm García Villas i measc na n-ainmneacha ar an leacht cuimhneacháin, Monumento a la Memoria y la Verdad in El Salvador, leacht i gcuimhne orthu siúd a maraíodh sa choimhlint agus ainmneacha 30,000 duine a dúnmharaíodh nó a d’imigh gan tásc ná tuairisc greanta ar bhalla fada.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Office of the President of Ireland. "Diary President Views The Monument To Memory And Truth And Attends An Ngo Partner" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-24.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |