Mark Webber
Is tiománaí Foirmle a hAon ón Astráil é Mark Alan Webber. Rugadh é i Queanbeyan, New South Wales ar an 27 Lúnasa, 1976. Faoi láthair, tá sé ina chónaí in Aylesbury, Buckinghamshire, Sasana. Thosnaigh sé ag tiomáint go hiomaíoch sna cartanna, go dtí gur bhog sé suas go Foirmle Ford i 1995, áit gur bhuaigh sé roinnt rásanna. I 1996 chuaigh sé le foireann Van Diemen, agus chuaigh sé ag rásaíocht i bhFoirmle Ford sa Bhreatain Mhór. I 1997, bhog sé go Foirmle a Trí le foireann Alan Docking. 1998 agus d'aistrigh sé go dtí an Craobh GT FIA le AMG. Sa bhliain 2000, chuaigh sé go dtí an Craobh F3000 le foireann Paul Stoddart.
(2017) | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | (en) Mark Alan Webber 27 Lúnasa 1976 48 bliana d'aois Queanbeyan, New South Wales | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Noida International University (en) Ardscoil Karabar | ||||||||||||||||
Áit chónaithe | Aston Clinton | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Réimse oibre | Rás gluaisteán | ||||||||||||||||
Gairm | tiománaí carr rásaíochta, tiománaí Foirmle a hAon | ||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||
Spórt | rásaíocht mótair | ||||||||||||||||
Urraitheoir | Red Bull GmbH | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||
2016 | 2016 FIA World Endurance Drivers' Championship (en) | ||||||||||||||||
2015 | 2015 FIA World Endurance Drivers' Championship (en) (1) | ||||||||||||||||
2014 | 2014 FIA World Endurance Drivers' Championship (en) (9) | ||||||||||||||||
24 Uair an Chloig Le Mans | |||||||||||||||||
Gradam a fuarthas
| |||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | markwebber.com | ||||||||||||||||
|
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ag gluaiseacht i dtreo F1
cuir in eagarNíos déanaí sa bhliain fuair sé triail tiomána trí lá le Benetton ag Estoril sa Phortaingéil, áit ar imigh sé níos tapúla ná Giancarlo Fisichella agus Ralf Schumacher. Toisc seo fuair sé an post mar thriail tiománaí oifigiúil don fhoireann Benetton don bhliain 2001. Sa bhliain chéanna, chríochnaigh sé sa dara háit i gCraobh Idirnáisiúnta Foirmle 3000 FIA leis an bhfoireann Supernova.
A chéad bhliain in F1
cuir in eagarTar éis an gaiscíocht go léir sa bhliain roimhe sin, ghnóthaigh sé tiomáint leis an bhfoireann Minardi i bhFoirmle a hAon. Ina chéad rás, mar a tharlaíonn sé san Astráil, i Melbourne, chríochnaigh sé sa chúigiú háit, le carr i bhfad níos moille ná na cinn eile timpeall air. Thug sé seo dhá phointe don craobh dó, agus b'shin iad na céad pointí gur fuair Minardi ón bhliain 1999. Ag geall leis gach rás, chuaigh sé níos tapúla ná a bheirt comráid fhoireann, Alex Yoong agus Anthony Davidson ag amanta difriúla.
Ag Jaguar
cuir in eagarDon séasúr 2003 bhog sé go Jaguar Racing. Ba é príomhthiománaí na foirne, agus rinne sé 17 den 18 bpointe a scóráil an fhoireann a scóráil é féin. Níor éirigh chomh maith leis sa bhliain 2004, i gcoiteanna toisc nach raibh an carr, an R4, maith go leor. Ach i gcóir 2005 bhog sé go Williams.
Ag Williams
cuir in eagarTar éis dó trí shéasúr a ghlacadh i gcarranna moille, cheap Mark go mbeadh seans aige cúpla rásanna a bhuachaint le Williams i 2005, ach bhí mí-ádh leis arís. Ní raibh an carr tapaidh go leor, agus bhí an tinneall ó BMW síos ar cumhacht i gcomparáid leis an gcuid eile do na foirne. Bhí sé ag tiomáint taobh le Nick Heidfeld, agus don cuid is mó done séasúr, bhíodar taobh le taobh, sular ghortaigh Nick é féin ag rothaíocht, agus bhí air tarraingt amach ón cúig rás deiridh den séasúr. Ar deireadh, chríochnaigh sé sa deichiú háit, sé pointe chun cinn ar Heidfeld, agus tar éis rostram amháin.
I 2006, bhí sé ag tiomáint le Williams arís, ach an uair seo beidh Nico Rosberg mar a comráid foirne. Mar aon le sin, beidh soláthraí inneall agus boinn difriúil acu, le Cosworth agus Bridgestone faoi seach, ag tógaint áit BMW agus Michelin.
Torthaí iomláine Foirmle a hAon
cuir in eagar(Eochair)
Bl | Foir | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 | Foir |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
2002 | Mina | AUS 5 |
MAS ret |
BRA 11 |
SMR 11 |
ESP dns |
AUT 12 |
MON 11 |
CAN 11 |
EUR 15 |
GBR ret |
FRA 8 |
DEU ret |
HUN 16 |
BEL ret |
ITA ret |
USA ret |
JPN 10 |
Mina | ||
2003 | Jagu | AUS ret |
MAS ret |
BRA 9 |
SMR ret |
ESP 7 |
AUT 7 |
MON ret |
CAN 7 |
EUR 6 |
FRA 6 |
GBR 14 |
DEU 11 |
HUN 6 |
ITA 7 |
USA ret |
JPN 11 |
Jagu | |||
2004 | Jagu | AUS ret |
MAS ret |
BAH 8 |
SMR 13 |
ESP 12 |
MON ret |
EUR 7 |
CAN ret |
USA ret |
FRA 9 |
GBR 8 |
DEU 6 |
HUN 10 |
BEL ret |
ITA 9 |
CHN 10 |
JPN ret |
BRA ret |
Jagu | |
2005 | Will | AUS 5 |
MAS ret |
BAH 6 |
SMR 7 |
ESP 6 |
MON 3 |
EUR ret |
CAN 5 |
USA ret |
FRA 12 |
GBR 11 |
DEU ret |
HUN 7 |
TUR ret |
ITA 14 |
BEL 4 |
BRA ret |
JPN 4 |
CHN 7 |
Will |
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil Mark Webber (Béarla)
- Club tacaíochta Mark Webber (Béarla) Curtha i gcartlann 2008-01-12 ar an Wayback Machine
- Prófíl Mark Webber agus a statisticí (Béarla) Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- Statisticí Mark Webber (Béarla)