Mary Anne Sadlier

úrscéalaí as Contae an Chabháin

Scríbhneoir Éireannach ab ea Mary Anne Madden Sadlier (31 Nollaig 18205 Aibreán 1903). Foilsíodh tuairim is seasca úrscéal agus roinnt mhaith scéalta níos giorra óna peann. Scríobh sí do na himircí Éireannacha sna Stáit Aontaithe agus Ceanada, á spreagadh chun cloí leis an gcreideamh Caitliceach. Agus an sprioc sin á chur i bhfeidhm, phléigh sí téamaí gaolmhara mar an frith-Chaitliceachas, an Gorta Mór, an eisimirce agus an tseirbhís tí. Scríobh sí go minic faoin ainm "Mrs. J. Sadlier".

Infotaula de personaMary Anne Sadlier

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Nollaig 1820
Muinchille Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Aibreán 1903
82 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chalvaire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAnna T. Sadlier Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 76632059 Cuir in eagar ar Wikidata

A beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh í mar Mary Anne Madden ar ar an Muinchille, i gContae an Chabháin, in Éirinn.[1] I ndiaidh bás a hathar, ceannaí darbh ainm Francis, thug Mary Madden a haghaidh ar Mheiriceá Thuaidh ag cur fúithi in Sainte-Marthe, Québec sa bhliain 1844. Ba ansin a phós sí James Sadlier, foilsitheoir agus Éireannach, ar an 24 Samhain, 1846. Tháinig Sadlier in inmhe mar scríbhneoir i ndiaidh a pósta.[2] D'fhoilsigh Sadlier ocht leabhar déag i gCeanada—cúig úrscéal, cnuasach gearrscéalta, caiticeasma agus naoi n-aistriúchán ón Fhraincis—chomh maith le roinnt alt a thug sí saor in aisce d'iriseáin mar The Pilot agus American Celt.

Tar éis an tréimhse seo, bhog sise agus a fear céile go Cathair Nua-Eabhrac mar ar chaitheadh léi mar phríomhscríbhneoir Caitliceach.

I ndiaidh 9 bliana i Nua-Eabhrac, d'fhill Sadlier go Ceanada. Fuair sí bás ar 5 Aibreán 1903 i Montréal, Québec.

Tagairtí cuir in eagar