Mary O'Rourke

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir de chuid Fhianna Fáil agus aire rialtais ba ea Mary O'RourkeMáire Uí Ruairc (31 Bealtaine 1937 - 3 Deireadh Fómhair 2024). Mí na Samhna 1982 a toghadh Mary O'Rourke don Dáil den chéad uair, agus bhí sí ina haire agus ina haire stáit i rialtais éagsúla faoi Charles Haughey, Albert Reynolds agus Bertie Ahern.[1]

Infotaula de personaMary O'Rourke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Mary Lenihan Cuir in eagar ar Wikidata
31 Bealtaine 1937
Baile Átha Luain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Deireadh Fómhair 2024
87 bliana d'aois
Gráinseach an Déin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

Seanadóir na hÉireann
12 Meán Fómhair 2002 – 22 Iúil 2007
Téarma parlaiminte: 22ú Seanad Éireann

Ceannaire an tSeanaid
1 Meán Fómhair 2002 – 25 Iúil 2007
← Donie Cassidy
Seanadóir na hÉireann
22 Bealtaine 2002 – 26 Meitheamh 2002
Téarma parlaiminte: 21ú Seanad Éireann

Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: An Iarmhí

An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
26 Meitheamh 1997 – 6 Meitheamh 2002
← Ailéin de DiúcSéamus Ó Braonáin →
Ceannaire Fhianna Fáil
1995 – 2002
← Parthalán Ó hEachthairnBrian Ó Comhain →
Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
14 Eanáir 1993 – 15 Nollaig 1994
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: An Iarmhí

An tAire Sláinte
14 Samhain 1991 – 11 Feabhra 1992
← Rory O'HanlonJohn O'Connell →
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

An tAire Oideachais agus Scileanna
10 Márta 1987 – 14 Samhain 1991
← Pádraig Ó CuanaighNoel Davern (en) Aistrigh →
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

Seanadóir na hÉireann
13 Bealtaine 1982 – 21 Nollaig 1982
Téarma parlaiminte: 16ú Seanad Éireann

Seanadóir na hÉireann
8 Deireadh Fómhair 1981 – 16 Aibreán 1982
Téarma parlaiminte: 15ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteFeargal O'Rourke Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPatrick Lenihan
SiblínBrian Pádraig Ó Luineacháin

IMDB: nm13431397 Cuir in eagar ar Wikidata

Teachta Dála a bhí ina n-athair, Patrick Lenihan. Teaghlach mór le rá sa pholaitíocht ba muintir Lenihan. Ba deirfiúr í leis an iarAire Rialtais Brian Lenihan Mór a bhásaigh i 1995 agus aintín le Brian Lenihan Óg a d'éag in 2012. Múinteoir scoile ab ea Mary O'Rourke sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht.[2] Toghadh Mary O'Rourke chun na Dála den chéad uair i ndáilcheantar an Longfoirt-na hIarmhí i 1982 mar Theachta Dála le Fianna Fáil. Toghadh arís í go leanúnach go dtí gur chaill sí a suíochán in olltoghchán 2002.

Ba í leas-ceannaire Fhianna Fáil ó 1994 go dtí 2002.

Ba é an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh a cheap ina hAire Oideachais í (1987-1991) agus ina hAire Sláinte (1991-1992). Dhún O'Rourke Coláiste Oideachais Dhún Chéirí, nó Carysfort College, sa bhliain 1988, rud a tharraing scannal ollmhór.[3] I 1992, chuaigh Albert Reynolds i gcomharbacht at Chathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Dhíbir sé O’Rourke as an rialtas.[4]

 
Coláiste Oideachais Dhún Chéirí
 
Telecom Éireann

Ba é Bertie Ahern a bhí ina Thaoiseach i 1997 agus cheap seisean ina hAire Fiontar Polblí í i ndiaidh an olltoghcháin i samhradh na bliana sin. Ba sa ról sin a shocraigh Mary O'Rourke ar Telecom Éireann a phríobháidiú i 1999. Mhol sí do dhaoine scaireanna a cheannach sa chomhlacht príobháidithe ach chaill a lán daoine a lán airgid mar gheall ar an gcomhairle sin.[5]

Chaill Mary O'Rourke a suíochán san olltoghchán in 2002. Ceapadh chun an tSeanaid í ina dhiaidh sin. Chaith sí tréimhse mar cheannaire Fhianna Fáil sa Seanad ó 2002 go dtí 2007, nuair a d'éirigh léi suíochán Dála a bhuachan arís in Olltoghchán 2007. D'fhan sí sa Dáil go dtí 2011, tráth a d'éirigh sí as an bpolaitíocht.

Bhásaigh fear céile Mary O'Rourke, Enda, in 2001. Bhí beirt mhac aici, Feargal agus Aengus, agus a gclanna siúd, seisear garpháistí.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Nuacht RTE (2024-10-07). "'Sároidhreacht' fágtha ag Mary O'Rourke - An Tánaiste" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2024-10-03). "An t-iarAire Rialtais Mary O'Rourke tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. Mairéad Ní Nuadháin (23 Samhain 2018). "Cén fáth ar dúnadh Coláiste Dhún Chéirí? Na ceisteanna nár freagraíodh riamh…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-03.
  4. Cathal Mac Coille (4 Iúil 2020). "Litir oscailte chuig na Teachtaí Dála nach bhfuair an t-ardú céime…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-03.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-10-03). "An t-iarAire Rialtais Mary O'Rourke tar éis bháis" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha

cuir in eagar