Cathair san Eiritré ar chósta thoir na tíre ar an Muir Rua is ea Massawa. Tá calafort ann a bhfuil tábhacht leis leis na céadta bliain. Tá 53,090 duine ina gcónaí ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMassawa
ምጽዋዕ (ti) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 15°36′N 39°26′E / 15.6°N 39.43°E / 15.6; 39.43
Stát ceannasachan Eiritré
Region of Eritrea (en) AistrighNorthern Red Sea Region (en) Aistrigh
Subregion of Eritrea (en) AistrighMassawa Subregion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán39,758 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús83.35 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla477 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde6 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Ba chuid den Impireacht Otamánach é Massawa ag tosnú sna 1500idí déanacha. San 19ú haois bhí an Éigipt i gceannas air le cead ó na hOtamánaigh a raibh smacht acu ar an Éigipt féin. Nuair a chuir na hIodálaigh Coilíneacht na hEiritré ar siúl, rinne siad príomhchathair na tíre de Massawa (1885–1897) sular aistrigh siad an rialtas coilíneachta go hAsmara. Sa bhliain 1921 scriosadh cuid mhór den chathair de bharr crith talún. Chuir na Briotanaigh ruaig ar na hIodálaigh go luath sa Dara Cogadh Domhanda agus d'fhan siad i gceannas ar an Eiritré agus ar Massawa go dtí 1952. Sna blianta 1952–1990 ba chuid den Aetóip é agus chuir calafort Massawa ar chumas na nAetópach cabhlach a chur ar bun. I ndiaidh chogaidh idir an Eiritré agus an Aetóip bhain na hEiritrigh neamhspleáchas amach (rud a chuir deireadh leis an gCabhlach Aetópach).

Hotel Torino, sampla de sheanfhoirgneamh tipiciúil in Massawa