Wayback Machine
Is cartlann dhigiteach den Ghréasán Domhanda é an Wayback Machine a bhunaigh an Internet Archive, cuideachta neamhbhrabúis atá lonnaithe i San Francisco, California. Cruthaíodh in 1996 é agus seoladh go poiblí é sa bhliain 2001. Ligeann sé don úsáideoir dul "ar ais in am" agus an chuma a bhí ar láithreáin ghréasáin san am atá caite a fheiceáil. D’fhorbair bunaitheoirí na cartlainne, Brewster Kahle agus Bruce Gilliat, an Wayback Machine chun “rochtain uilíoch [a thabhairt] ar an eolas uile” a sholáthar trí chóipeanna cartlainne de leathanaigh ghréasáin a bhí imithe as feidhm a chaomhnú.[1]
URL | https://web.archive.org agus https://archive.org/web/ |
---|---|
Cineál | cartlann ghréasáin |
Teanga | Béarla |
Teanga ríomhchlárúcháin | C, Perl, Java agus Python |
Cuid de | Internet Archive |
Úinéir | Internet Archive |
Cruthaitheoir | Brewster Kahle agus Bruce Gilliat |
Cur i seirbhís | 29 Deireadh Fómhair 2001 |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Rangú Alexa | 205 (5 Feabhra 2021) 303 (20 Samhain 2017) |
Seoladh an Wayback Machine ar an 10 Bealtaine, 1996, agus bhí níos mó ná 38.2 milliún leathanach gréasáin sábháilte faoi dheireadh na bliana 2009. Amhail ón 13 Márta 2023 , tá níos mó ná 800 billiún leathanach gréasáin i gcartlann an Wayback Machine.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Kahle (2005-11-23). “Universal Access to all Knowledge”. Internet Archive. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-14. Dáta rochtana: 2022-06-05.
- ↑ “Archived copy”. web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-13.