Meitreo Bhaile Átha Cliath

Is é a bheidh sa MetroLink ná tionscadal Metrolink atá beartaithe i mBaile Átha Cliath. Tá sé beartaithe gur ollchóras idirthurais mear, minic, nua-aimseartha agus sár-inrochtana a cheanglóidh Sord agus an ceantar máguaird i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath le Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. [fíoras?]

An plean mar a bhí sa bhliain 2008

Tionscadail iompair é atá sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (PFN) agus i Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2016-2035 de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI).

Gabhfaidh MetroLink trí thollán faoi Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ón taobh ó thuaidh de Bhaile Munna go dtí Lár na Cathrach.[fíoras?]

Stair an tionscadail cuir in eagar

Moladh gur theastaigh córas Meitreo do Bhaile Átha Cliath den chéad uair sa straitéis Clár Oibre le haghaidh Athrú a foilsíodh sa bhliain 2000 agus a bhí le bheith i bhfeidhm faoi 2010. Tugadh cead pleanála do líne an Mheitreo Thuaidh i 2011 ach chuir an Rialtas a bhí ann an uair sin ar fionraí é mar gheall ar an gcaoi a ndeachaigh cúrsaí geilleagracha chun donais.

D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) tionscadal nua an Mheitreo Thuaidh i mí Mheán Fómhair 2015, agus bhí sé beartaithe tús a chur leis na seirbhísí in 2026. Metrolink a tháinig in áit an tionscadail sin agus de réir comhfhreagras ón Roinn i mí Aibreáin 2023, táthar ag tuar anois go gcuirfear tús le seirbhísí Metrolink i 2034. De réir na hamlíne sin, cuirfear Metrolink ar fáil 23 bliana tar éis gur tugadh cead pleanála don bhuntionscadal Meitreo Thuaidh agus 34 bliana tar éis gur moladh den chéad uair é sa Chlár Oibre le haghaidh Athrú.”

Caitheadh thart ar €300 milliún ar Metrolink, agus ar thionscadail an Mheitreo Thuaidh agus an Mheitreo Thiar, suas go dtí deireadh mhí an Mhárta 2023. In ainneoin na hinfheistíochta suntasaí seo, níor tosaíodh fós ar an tógáil fhisiciúil ar chóras meitreo do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Chomh maith leis na buntáistí d’úsáideoirí iompair phoiblí, d’úsáideoirí bóthair, don gheilleagar agus don chomhshaol, meastar gurb é 1.4 an cóimheas costais agus tairbhe is dóchúla atá ag Metrolink, agus gurb é 1.1 go 2 an raon féideartha.

Mheas an Roinn, in Aibreán 2023, gurb é €9.5 billiún an costas ba dhóchúla a bheadh ar thógáil an chórais Metrolink, agus chuimsigh an réimse costas caipitil inchreidte costais a bhí idir €7.16 billiún agus €12.25 billiún, cé go bhfágfadh roinnt meastachán ar an tionscadal an costas chomh hard le €21.5 billiún.

Tagairtí cuir in eagar