Abhcóide Sasanach is ea Michael Mansfield, QC (a rugadh ar 12 Deireadh Fómhair 1941), duine de na dlíodóirí le dlí coiriúil is mó le rá ag Barra Shasana agus urlabhraí ar son a lán cúiseanna forásacha.[1]

Infotaula de personaMichael Mansfield

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Deireadh Fómhair 1941
82 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Keele
Scoil Highgate Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmabhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinnexuschambers.com Cuir in eagar ar Wikidata
2013

Gairm cuir in eagar

2015

Céimí de chuid Ollscoil Keele, glaodh Mansfield chun an Bharra (in Ósta Gray) sa bhliain 1964 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1989.

Mar dhuine de na dlíodóirí le dlí coiriúil is mó le rá ag Barra Shasana agus urlabhraí ar son a lán cúiseanna forásacha, bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford agus na deirfiúracha Price i measc a chuid cliant.

Is cuid réasúnta mór dá chleachtadh ionadaíocht a dhéanamh do mhuintir na marbh ag ionchoisní agus fiosrúcháin, mar shampla Fiosrúchán Saville maidir le Domhnach na Fola agus fiosrúchán i dtaobh Grenfell Tower.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁ¢ (2021). "Michael Mansfield" (ga-IE). Facebook. Dáta rochtana: 2022-10-11.