Is banna ceoil Meiriceánach iad Midlake as Denton, Texas. Is iad Tim Smith, McKenzie Smith, Paul Alexander, Paul Nichelson agus Eric Pulido baill an ghrúpa.

Bosca Sonraí EagraíochtaMidlake
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1999, Denton Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1999 –
Lipéad ceoilBella Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac indie Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmidlakeband.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1947997 Facebook: midlakeband Twitter: MidlakeBand Instagram: midlakeband Youtube: UCXH1oDUj-9Xdov3pB4KaeIQ Souncloud: midlake Spotify: 4YsP5zmteLQ7etNjHAOu30 iTunes: 72951557 Last fm: Midlake Musicbrainz: da90b5da-349e-4906-a0b4-805f5e46190d Songkick: 66246 Discogs: 519833 Allmusic: mn0000135740 Deezer: 8936 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bunaíodh Midlake ag grúpa mac léinn snagcheoil sa bhliain 1999 ag University of North Texas. Ba iad na bunbhaill a bhí ag Midlake ná Tim Smith, McKenzie Smith, Paul Alexander, Eric Nichelson agus Evan Jacobs. The Cornbread All-Stars an t-ainm a bhí ar an ngrúpa ag an tús. Bhíodar ag úsáid na stíleanna snag agus funk faoi thionchar Herbie Hancock ag an am.

Chuaigh Midlake i dtreo stíle raic "indy" níos déanaí. D'éirigh Tim Smith as an sacsafón agus cuireadh tús lena chuid ceapadóireachta faoi thionchar grúpaí mar Jethro Tull, Radiohead, Travis agus Grandaddy. Deir Tim Smith "Tá mé ag iarraidh go mbeadh mo ghlór ní ba chosúla le glór Jethro Tull. Nílimid ag iarraidh go dtabharfaí banna Radiohead bradach bréagach orainn. Sílim go bhfuil Radiohead níos giorra i bhfad do mo chlaonadh mar cheapadóir ceoil ná banna cosúil le, um, Jethro Tull. Éistim le Jethro Tull i bhfad Éireann níos mó ná le Radiohead na laetha seo, ach d’fhéadfainn deich n-amhrán Radiohead a scríobh sula bhféadfainn amhrán amháin ar nós Jethro Tull a scríobh, ach ní fhéadaim agus sin sin. Sin streachailt de chineál orm.[1]

D'fhág Jacobs an banna ceoil agus cuireadh tús le ré Eric Nichelson ar an méarchlár. Ghlac Jason Upshaw páirt sa ghrúpa mar ghiotáraí sa tréimhse chéanna. Níor seoladh an ceol beo a rinne siad taifeadadh air ag Denton's Panhandle House studio; cheap siad go raibh an banna cheoil ag dul i dtreo difriúil ó thaobh stíle de.

Sula ndearna Midlake taifead de Milkmaid Grand Army i 2004, d'fhág Upshaw an ghrúpa agus tosaíodh Eric Pulido mar ghiotáraí. Bhí an t-albam Bamnan and Silvercork taifeadta i 2004 in Denton, Texas agus máistrithe i Abbey Road Studios.

Sa bhliain 2006, tar éis bliana ag taifeadadh agus ag ath-thaifeadadh, chríochnaigh Midlake a dara halbam dá gcuid, a seoladh le Bella Union dar teideal The Trials of Van Occupanther.

Chan Tim Smith an t-amhrán The Pills Won't Help You Now leis na Chemical Brothers i 2007. Tá an t-amhrán ar fáil ar an albam We Are The Night.[2]

Bhí an t-amhrán 'Bandits' ón albam 'The Trials of Van Occupanther' sa tsraith theilifíse Fringe in Eanáir 2009.[3]

Albaim cuir in eagar

Seo iad na halbaim atá ag Midlake go n-uige seo:

Tagairtí cuir in eagar