Mike Mac Domhnaill
Is gníomhaí agus scríbhneoir Béarla agus Gaeilge é Mike Mac Domhnaill. Rugadh é i gCluain Cath in iarthar Luimnigh ach d’aistrigh a mhuintir go dtí an Caisleán Nua Thiar nuair a bhásaigh a athair. Foilsíodh a shaothair i Nua Aois, An Cloigeann is a Luach (díolaim), The Stony Thursday Book, Microphone On, Dal gCais, Weekly Observer, Feasta, Comhar, Lá, I Live in Michael Hartnett (díolaim).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Cluain Cath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Bhuaigh sé Comórtas Gearrscéalaíochta Francis MacManus RTÉ sa bhliain 2013 agus bhain clú amach leis an mbailiúchán Sifting: Uncle Ned & Other Stories (Liberties Press, 2015). Thug leithéid Donal Ryan, Joseph O’Connor agus Kelly Creighton ard-mholadh dó.
Leabhair eile leis ná Mac Baintrí – Widow’s Son (Cluain Cath Press, 2009), Macalla “Maidu” (Coiscéim, 2013), Sifting: Uncle Ned and Other Stories (Liberties Press 2015), Forgiving Moon (Revival Press 2020), Mise Fear Pluaise (Coiscéim 2022), Weeds United (Revival Press 2024)
Is é Agus Anois – Beagáinín Ciúnais an chéad chnuasach scríbhinní i nGaeilge leis an Domhnallach.[2] Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh sa bhliain 2024. D’éirigh sé tuirseach den ghearrscéal per se agus thosaigh ar na scríbhinní atá sa leabhar seo. Prós trialach atá i gceist ann. Taitníonn an lipéad “file engagé” leis, ainm a bhaist an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh air.
Tá cáil bainte amach aige as a chuid gearrscéalta Béarla ach is mar fhile is fearr aithne air i nGaeilge. Scríbhneoir é nach gcreideann sa scoilt dhénártha idir an dá theanga oifigiúla.
Foilsíodh saothar éagsúil leis ar Comhar, dánta go háirithe.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Agus Anois – Beagáinín Ciúnais" (en-GB). Publishing Ireland. Dáta rochtana: 2024-11-29.
- ↑ "GAILEARAÍ: Leabhar nua le Mike Mac Domhnaill seolta ag Éigse Michael Hartnett sa gCaisleán Nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-08). Dáta rochtana: 2024-11-29.
- ↑ 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "Mike Mac Domhnaill" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2024-11-29.