Mise Éire (dán de chuid Phádraig Mac Piarais)
(Athsheolta ó Mise Éire)
Is é is ábhar don leathanach seo ná an dán. Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach Mise Éire (scannán).
Is dán cáiliúil náisiúnach de chuid an fhile, polaiteora, agus réabhlóidí Pádraig Mac Piarais é Mise Éire. Scríobh Mac Piarais é sa bhliain 1912.
Foirm cheoil | dán |
---|---|
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge |
Dáta foilsithe | 1912 |
Téacs an Dáin
cuir in eagarMise Éire: Sine mé ná an Chailleach Bhéarra.
Mór mo ghlóir: Mé a rug Cú Chulainn cróga.
Mór mo náire: Mo chlann féin a dhíol a máthair.
Mór mo phian: Bithnaimhde do mo shíorchiapadh.
Mór mo bhrón: D'éag an dream inar chuireas dóchas.
Mise Éire: Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra.
Naisc
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |