Is suíomh greásáin é Mixcloud inar féidir podchraoltaí, idir cainte agus go háirithe ceoil a uaslodáil, agus éisteacht leis na rudaí a uaslódálann daoine eile.

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinMixcloud
URLhttps://www.mixcloud.com Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálseirbhís idirlín, suíomh gréasáin, seirbhís sruthaithe ceoil agus comhphobal ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís2008 Cuir in eagar ar Wikidata
CeanncheathrúLondain Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rangú Alexa3,079 (30 Samhain 2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: mixcloud Twitter: mixcloud Instagram: mixcloud Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh an comhlacht i Sasana in 2008 agus tá ceanncheathrú na heagraíochta i Londain.

Tá breis is 1 milliún uaslódálacha ann agus tá breis is 20 milliún lucht éisteachta ag an suíomh in 2022, dar leis an gcomhlacht.

Bhí sé saor in aisce rudaí a uaslódáil ar an suíomh ach d'fhógair an comhlacht ag deireadh 2022 go mbeadh ar úsáideoirí íoc as cuntais tar éis an 1ú Nollaig 2022 má theastaíonn uathu níos mó ná 10 bpodchraoladh a uaslódáil ina dhiaidh an dáta sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://campus.mixcloud.com/changes-to-mixcloud-[nasc briste go buan] Changes to Mixcloud - Mixcloud Samhain 2022

Naisc sheachtracha cuir in eagar