Mo Farah
Is cianreathaí Briotanach é Mohamed "Mo" Muktar Jama Farah nó Hussein Abdi Kahin (a rugadh ar an 23 Márta 1983).
Bhuaigh sé dhá bhonn óir sna Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2012 i Londain, An Ríocht Aontaithe, sna rásaí 5000 m agus 10,000 m. Bhuaigh sé dhá bhonn óir eile sna Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2016 i Rio de Janeiro, An Bhrasaíl, sna rásaí 5000 m agus 10,000 m.
Saol
cuir in eagarNocht Farah i gclár faisnéise i mí Iúil 2022 gur gáinneáladh é go dtí an Ríocht Aontaithe mar shearbhónta tí agus é naoi mbliana d’aois. Dúirt sé nach é Mo Farah a ainm ceart; i ndáiríre Hussein Abdi Kahin is ainm dó.
Rugadh i gCríoch Shomáile é agus fuair a athair bás sa chogadh cathartha nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois.
Nuair a tháinig Farah go dtí an Ríocht Aontaithe, bhí sé ina chónaí le cúpla a chaith go dona leis. Ach tharrtháil a mhúinteoir corpoideachais é agus bronnadh saoránacht Briotanach air.
Dúirt Rialtas na Breataine nach mbeidh aon phionós roimhe de bharr an eolais seo. Dúirt an lúthchleasaí go leanfaidh sé ar aghaidh faoin ainm Mo Farah anois.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (16 Iúil 2022). "Nuacht Mhall: 16 Iúil 2022 (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-18.