Mobile Suit Gundam
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Clár teilifíse den chineál anime is ea Mobile Suit Gundam (Seapáinis: 機動戦士ガンダム Kidō Senshi Gandamu, "Saighdiúir Soghluaiste Gandam") nó MSG uaireanta, atá scríofa agus stiúrtha ag Yoshiyuki Tomino. Léiríodh é den chéad uair sa tSeapáin ar an Nagoya Broadcasting Network idir 7 Aibreán 1979 agus 26 Eanáir 1980; craoladh 43 eipeasóid. Ón chéad sraith Gundam sin, is iomaí clár leantach agus clár gaolta a rinneadh.
機動戦士ガンダム agus Mobile Suit Gundam | |
---|---|
Seánra | ficsean eolaíochta míleata agus mecha |
Stiúrthóir | Yoshiyuki Tomino |
Tír | an tSeapáin |
Bunteanga | an tSeapáinis |
Bealach teilifíse | Cartoon Network |
Fad na n-eipeasóidí | 30 min |
An chéad eipeasóid | 7 Aibreán 1979 |
An eipeasóid dheireanach | 26 Eanáir 1980 |
Líon eipeasóidí | 43 |
Liosta eipeasóidí | list of Mobile Suit Gundam episodes (en) |
Gradaim | |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | gundam.jp |
| |
Atheagraíodh an chéad sraith ina trí scannán don phictiúrlann sa bhliain 1981. Dhear Yoshiyaku Yasuhiko na carachtair agus chuaigh Kunio Okawara i gcúram na dearaí meicniúla, róbó ollmhór an teidil (RX-78-2 Gundam) ina measc.
Bhuaigh an clár duais Animage Anime Grand Prix sna blianta 1979 agus 1980.
Achoimre
cuir in eagarSa chruinne shamhailteach Ghundam, tharla san UileChéad 0079 gur fhógair an Phrionsacht Zeon a neamhspleáchas ó Chonaidhm an Domhain agus thosaigh cogadh an neamhspleáchais. Tá iarmhairtí díreacha ag an gcoimhlint ar gach ilchríoch an domhain agus ar beagnach gach coilíneacht spáis agus gach lonnaíocht gealaí. Tá an lámh in uachtar ag Zeon trí chineál nua airm: cultacha soghluaiste daonna. Séanann gasra taiscéalaíochta ó Zeon a gcuid orduithe agus ionsaíonn siad bunáit gan chríochnú darbh ainm Side 7 (.i. Taobh 7). De thaisme, faigheann saoránaigh Side 7 arm nua na Conaidhme: an Gundam. Le tacaíocht ó shaighdiúirí Chonaidhm an Domhain ar lonnú ag an iompróir White Base, téann an fhoireann nua teifeach seo i gcionn oibre chun an Cogadh Bliana Amháin a chur i dtreo eile.
Carachtair
cuir in eagar- Cónaidhm an Domhain
- Amuro Ray,
- Bright Noa,
- Fraw Bow,
- An Ginearál Revil,
- Haro,
- Hayato Kobayashi,
- Kai Shiden,
- Matilda Ajan,
- Mirai Yashima,
- Ryu Jose,
- Sayla Mass,
- Sleggar Law,
- Tem Ray
- Prionsacht Zeon
- Char Aznable ("an Cóiméad Rua"),
- Crowley Hamon,
- Degwin Sodo Zabi,
- Dozle Zabi,
- Garma Zabi,
- Gihren Zabi,
- Kycilla Zabi,
- Lalah Sune,
- M'Quve,
- Ramba Ral,
- Na Trí-realtai Dubha
Ceol oscailte agus dúnta
cuir in eagar- Amhrán oscailte
- Tobe Gundam (Cuileog Gunnadam) ó Koh Ikeda
- Amhráin Dhúnta
- Eien Ní Amuro (Amuro go brea) ó Koh Ikeda (An clár teilifíse),
- Suna no Juujika (Croch de Gaineamh) ó Takajin Yashiki (Scannán a haon),
- Ai Senshi (Saighduirí de Dolas) ó Daisuke Inoue (Scannán a dó),
- Meguriai (Cas ari) ó Daisuke Inoue (Scannán a trí)
Na haisteoirí
cuir in eagarCarachtar | Aisteoir sa leagan teilifíse Seapánach | Aisteoir sa leagan Béarla den chlár | Aisteoir sa leagan Bérla den scannán |
---|---|---|---|
Amuro Ray | Toru Furuya | Brad Swaille | Michael Lindsay |
Char Aznable | Shuichi Ikeda | Michael Kopsa | Steven Blum |
Bright Noa | Hirotaka Suzuoki | Chris Kalhoon | Wheat St. James |
Mirai Yashima | Fuyumi Shiraishi | Cathy Weseluck | Leslie Buhr |
Sayla Mass | Yo Inoue | Alaina Burnett | Olivia Bardeau |
Fraw Bow | Rumiko Ukai | Kristie Marsden | Melissa Fahn |
Kai Shiden | Toshio Furukawa | Richard Ian Cox | Christy Matthewson |
Hayato Kobayashi | Kiyonobu Suzuki | Matt Smith | Richard Cansino |
Ryu Jose | Shozo Iizuka | Ward Perry | ? |
Lalah Sune | Keiko Han | Willow Johnson | Lia Sargent |
Garma Zabi | Katsuji Mori | Brian Dobson | ? |
Kycilla Zabi | Mami Koyama | Michelle Porter | Bambi Darro |
Dozle Zabi | Tessho Genda | French Tickner | Peter Spellos |
Degwin Zabi | Hidekatsu Shibata | Chris Schneider | Elliot Reynolds |
Ramba Ral | Masashi Hirose | John Payne | Michael McConnohie |
Crowley Hamon | Yumi Nakatani | Lenore Zann | Dian Andrews |
Sliochta
cuir in eagar- "Buail mise! Níor bhuail m'athair mise riamh!"
- -Amuro Ray
- "Tá an corcán seo iontach."
- -M'Quve
- "Mise tiomáint Gunnadamba níos fearr!"
- -Amuro
- "Níl se Zaku buachaill, Níl se Zaku!"
- -Ramba Ral
- "Tá an ionad agam ta me ábalta a filleadh."
- -Amuro
- "Tá Zeon spionta!"
- -Chomhcoiteann Revil
Zeta
cuir in eagarTá Mobile Suit Zeta Gundam (Kido Senshi Zeta Gandamu i tSeapáinis. Culaith Gluaisteach Zeta Gunnadamba as Gaeilge) ar an gclár de Mobile Suit Gundam. (Sort "sequel" mar a dearfá as Béarla). B’iad na stiúrthóirí ná Yoshiyuki "Bas gach duine" Tomino agus Hikazu Yasuhiko. Na dearthóirí - Kunio Okawara, Mamoru Nagano, Kazumi Fujita. Craoltóir Nagoya Broadcasting Network (agus A.N.N.).