Morelos
Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Morelos, agus é suite i lár na tíre. Is é Cuernavaca an phríomhchathair agus an chathair is mó daonra. Is é Morelos an dara stát is lú i Meicsiceo ó thaobh achair de, agus é beagán níos lú ná Tlaxcala. Bhí 1,819,892 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.
Morelos | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | José María Morelos | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Meicsiceo | ||||
Príomhchathair | Cuernavaca | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,777,227 (2015) | ||||
• Dlús | 364.26 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 4,879 km² | ||||
Airde | 1,169 m | ||||
Pointe is airde | Popocatépetl (en) (5,452 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1869 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil Morelos | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 62 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | MX-MOR | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | morelos.gob.mx |
Stair
cuir in eagarSa réamheaspáinneach ré, thosaigh an Mexica nó Aztec ag teacht chomh luath le 1398, agus bhí tionchar an-mhór acu ar an gceantar seo sa 1420.
Cuid de stát Meicsiceo ab ea Morelos go dtí 1869, bliain inar fhógair Benito Juárez stát Morelos in onóir José María Morelos y Pavón, an té a chosain an chathair Cuautla i gcoinne fórsaí ríoga na Spáinne le linn Chogadh an Neamhspleáchais.
Geilleagar
cuir in eagarTá Morelos beagán níos boichte ná an meán i measc stát na tíre. Mar gheall ar an aimsir shéimh a bhíonn ann, saothraítear barra i Morelos an bhliain ar fad agus de gach aon chineál. Bíonn an cána siúcra tábhachtach, chomh maith le bláthanna, rósanna go háirithe. Oibríonn breis is 68,000 duine (1.4% d'oibrithe Morelos) i ndéantóireacht earraí: feithiclí, ceimicigh, teicstílí, suimint, páipéar agus bianna. Tugann turasóirí cuairt ar chuid de na bailte beaga traidisiúnta sa stát, agus bíonn tithe saoire ann ag a lán daoine ó Chathair Mheicsiceo.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht Mheicsiceo é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |