Motherfoclóir

podchraoladh Éireannach

Is ea Motherfoclóir leabhar, podchraoladh agus cuntas Twitter a bhfuil suim acu san fhoclóir aistúil a bhfuil ann sa Ghaeilge í féin. Bhí an leabhar é féin scríofa ag Darach O'Séaghdha sa bhliain 2017.[1] Cruthaigh Darach O'Seaghda an cuntas Twitter "@theirishfor" sa bhliain 2015 agus thuig sé de bharr an méid daoine a thosaigh ag leanúint é ar Twitter go raibh éileamh don stíl agus foclóir greannmhar inar raibh sé ag foghlaim. Cruthaigh sé an podchraoladh sa bhliain 2017 agus bíonn sé ag caint faoi rudaí greannmhar faoin teanga le daoine proifisiúnta eile, ar nós daoine a bhfuil ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nó i raidió na Life. Scríobh sé an leabhar "Motherfoclóir: dispatches from a not so dead language" sa bhliain 2017, agus é ag foghlaim an Ghaeilge arís sna tríochaidí.

Stair an Leabhar cuir in eagar

Scríobh Darach O'Seaghda an leabhar "Motherfoclóir: dispatches from a not so dead language" sa bhliain 2017. Bhí an leabhar foilsithe ag an gcomhlacht "Heads of zeus" agus bhí sé tapaí ceann de na leabhar is sárdhíola a fhoilsigh an comhlacht.[2]Scríobh sé an leabhar de bharr na héileamh a raibh an i gcomhair an cuntas Twitter ach scríobh sé é freisin de bharr na ghaol a bhí aige leis a hathair. Dúirt sé ag tús a shaol bhí fearg air de bharr a hainm, agus go creid sé bhí sé deacair le fuaimniú.[3] Nuair a fuair Darach O'Seaghda níos sine bhí sé ag iarraidh an t-eolas a bhí aige faoin Ghaeilge a mhéadú, agus bhí sé ag iarraidh fhoghlaim cén fáth bhí an teanga í féin tábhachtach dó. Cúis eile a raibh ag Darach O'Seaghda chun an leabhar a scríobh ná fuaimeanna na focail Gaeilge iad féin. baineann sé úsáid as an bhfocail rún, a ciallaíon grá agus rud a bhfuil faoi rún. Dar le Darach O'Seaghda, is saghas dán aonfocalach é cuid de na focail sa teanga.[4] Bhí na cúiseanna a raibh Darach O'Seaghda ag iarraidh scríobh an leabhar leathan, ach bhí siad go léir pearsanta. Bhí sé ag iarraidh a hathair a thuiscint nuair a bhí sé ag fáil níos breoite. Is leabhar é a bhfuil lán d'fhocal suimiúil nó aisteach, agus is bailiúchán de chuimhní cinn é freisin, a bhfuil ag leanúint an t-aistear casta a raibh ag Darach O'Seaghda ag foghlaim an Ghaeilge agus é níos sine, agus an gaol a raibh aige leis a hathair.[5]

Gradaim cuir in eagar

Tá gradam amháin buaite ag "Motherfoclóir: dispatches from a not so dead language". Buaigh an leabhar an duais "leabhar a bhfuil tóir air, a bhfuil neamhfhicsin agus Éireannach." sa bhliain 2017.[6]

Cuntas Twitter cuir in eagar

 
Dara O' Briain- Leantóir an cuntas Twitter

Cruthaigh Darach O'Seaghda an cuntas Twitter @theirishfor sa bhliain 2015. An cúis a bhí aige chun an cuntas seo a chruthú ná nuair a bhí sé ag foghlaim an Ghaeilge agus bhí sé ag iarraidh na rudaí suimiúil a raibh sé ag foghlaim a roinnt le gach duine. An gcéad focail a roinn sé ar an chuntas Twitter ná an Ghaeilge i gcomhair an fhocail béarla "selfie" - féinphic. is cuntas a bhfuil gnaoi an phobail air, le níos mó ná 49,000 leanúnaithe ag am a bhfuil an ailt seo scríofa.[7] Bíonn an cuntas ag roinnt a lán focail nach bhfuil le cluisint sa ghnáth lá. Tá a lán daoine cailiúila ag leanúint an cuntas freisin, ar nós an fhuirseoir Dara O' Briain. Sa lá atá inniu ann tá an cuntas ag roinnt focail nua fós. Níl amchlár áirithe ann ach tá an cuntas é féin fós gníomhach.

Podchraoladh cuir in eagar

 
Comhartha Podchraoladh ar IOS

Bhí an céad eipeasóid don phodchraoladh roinnte ar iTunes ar an 18ú Lúnasa 2017. Tá an podchraoladh mar bhaill don comhchraol "headstuff", comhchraol Éireannach le níos mó ná 20 clár mar bhaill don comhchraol.[8] Leanann an podchraoladh struchtúr bog ina mbíonn téama an Ghaeilge agus an chultúir Éireannach larnach don chomhrá a bhíonn ann sa phodchraoladh.[9] Bíonn na hóstaigh ag labhairt faoin topaic a bhfuil roghnaithe don tseachtain sin, ag roinnt scéalta greannmhar agus an t-eolas a bhfuil acu faoin topaic. De bharr an téama lárnach sin tá a lán saoirse ag an óstach chun topaic a roghnú.Tá réimse leathan topaic le fáil ar an phodchraoladh, ar nós caint faoin litir V agus an chomhair dó a bheith mar bhaill den teanga, go dtí caint faoi mhiotaseolaíocht Éireannach ar na meáin Sosialta.[10] De ghnáth is ea Darach O'Seaghda agus Peadar O'Caomhánaigh na óstaigh, le roinnt cuairteoirí éagsúla gach seachtaine. Bíonn na cuairteoirí gaeilgeorí de ghnáth, ar nós Hector Ó hEochagáin. Bíonn eipeasóid 45 gotí 60 nóiméad fhada de ghnáth. Bíonn an podchraoladh trí mheáin an Bhéarla ach bíonn siad ag caint faoin Ghaeilge i mbealach neamh-foirmiúlta agus tá iarracht déanta gan a bheith bagrach nuair atá an Ghaeilge á caint.[11] Bíonn eipeasóid nua curtha ar iTunes agus Spotify uair amháin sa tseachtain.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Darach O'Séaghdha (2017-09-07). "Motherfoclóir: Dispatches from a not so dead language" (as en). Head of Zeus Ltd. 
  2. "title" (en). Head of Zeus. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-27. Dáta rochtana: 2020-02-11.
  3. Siún Ní Dhuinn (2017-08-28). "The Makings of Motherfoclóir" (as ga). 
  4. Motley Magazine (2017-09-15). "Motherfoclóir!" (en-US). Motley Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-13. Dáta rochtana: 2020-02-11.
  5. Motley Magazine (2017-09-15). "Motherfoclóir!" (en-US). Motley Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-13. Dáta rochtana: 2020-02-11.
  6. "Bord Gáis Energy Irish Book Awards 2017 Winners | Dublin City Council". www.dublincity.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-21. Dáta rochtana: 2020-02-11.
  7. "The Irish For 🀄 (@theirishfor) | Twitter" (ga). twitter.com. Dáta rochtana: 2020-02-11.
  8. "HeadStuff Podcast Network" (en-GB). HeadStuff. Dáta rochtana: 2020-02-11.
  9. Siún Ní Dhuinn (2017-08-28). "The Makings of Motherfoclóir" (as ga). 
  10. "Motherfocloir" (en). audioboom.com. Dáta rochtana: 2020-02-11.
  11. ""Motherfoclóir" is NOT a dirty word: Re-shaping the Irish language during Seachtain na Gaeilge" (en). IrishCentral.com (2019-03-05). Dáta rochtana: 2020-02-11.