Muiredach Bolgrach
Ard-Rí na hÉireann
I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí seanscéalach na hÉireann ab ea Muireadach Bolgrach (Sean-Ghaeilge Muiredach Bolgrach) mac Siomón Brecc. Ba é Fíachu Tolgrach a mhac.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Siomón Brecc |
Leanaí | Fíachu Tolgrach |
Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí agus marfóir a athar, Dui Finn, a mharú. Bhí sé i réim ar feadh trí mhí déag nó ceithre bliana, ag brath ar fhoinse, sular mharaigh Énna Derg mac Dui é.
Achar ama
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann: Artaxerxes I na Peirse (465–424 RC).[1]
- Foras Feasa ar Éirinn: 674–670 RC.[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: 894–893 RC.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 253
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.26
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí', M4306-4307
Réamhtheachtaí Dui Finn |
Ard Rí na hÉireann LGÉ 5ú haois RC FFÉ 674–670 RC ACM 894–893 RC |
Comharba Énna Derg |