Murchad mac Briain
Ba é Murchad mac Briain mac agus oidhre Briain Bóramha, Ard-Rí na hÉireann. Bhí sé ina cheannaire de facto ar arm a athar, a maraíodh ar 23 Aibreán 1014 ag Cath Chluain Tarbh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 haois |
Bás | 23 Aibreán 1014 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Athair | Brian Bóramha agus Mor (?) (en) |
Beathaisnéis
cuir in eagarSa bhliain 1013 bhí éirí amach ag Máel Mórda, Rí Laighean, agus ag Sitric II, rí Lochlannach Átha Cliath in aghaidh Briain Bóramha in Éirinn. Do cuireadh Murchadh ó Brian chun déileáil leis an éirí amach. Do réir Annála Uladh do "rinne creach mór ar Laigin, do hairgeadh an tír go Gleann dá Locha agus Cell Maignenn, do losc an tír uile, do ghabh creach mór do cimí."[1]
Dheirtear gur theith roinnt Lochlannach roimh chath Chluain Tarbh "toisc go raibh faitíos orthu roimh neart Murchad agus na Dál gCais go ginearálta"[2] Deirtear gur iompar sé dhá chlaimhte san gcath.[3] Deir roinnt cuntas go bhfuair sé bás i gcath lena athair Brian, cé go dtuairiscíonn formhór na gcuntas nár throid Brian riamh sa chath, is é sin an leagan a nglactar leis d'eachtraí ag staraithe.[4] Cuireadh é in Ard Mhacha in éineacht lena athair agus gaolta eile. Bhí mac aige darbh ainm Toirrdelbach mac Murchada meic Briain.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Battle of Clontarf: Sources for the battle”. Trinity College Dublin. Dáta rochtana: 9 August 2020.
- ↑ O'Connor (2014). "Classical Literature and Learning in Medieval Irish Narrative". ISBN 9781843843849.
- ↑ “The real life of Brian Boru”. Irish Examiner.
- ↑ “The long Good Friday: 'Nobody could recognise even his own son, so covered were they in blood'”. The Irish Times.
- ↑ “Annals of Ulster”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-03-17. Dáta rochtana: 2017-03-11.