Murchad mac Finn

rí Laigean

Rí na Laigean ba ea Murchadh mac Fionn (bás 972). Bhí sé i réim ón mbliain 966 go dtí 972.

Murchad mac Finn
ríthe na Laighean

Saol
Eolas breithe10ú haois
Bás972
Muintir
Páistí
Teaghlach
liosta iomláin
TreibhUí Fhaoláin
Gairm
Gairm

StairCuir in Eagar

Ba bhall é Murchadh de chlann Uí Fhaoláin, ar cheann de thrí chlann Uí Dhúnlainge, a dáiltí coróin Laighean eatarthu. Bróen mac Máelmórda (bás 947), iar-rí, ba ea a sheanathair, agus Muireacán mac Diarmada (bás 863) a shin-sin-seanathair. Tagann Murchadh mar sin sa séú glúin ó Fhaolán mac Murchadha (bás 738), sinsear eapainmneach na clainne.

RéimeasCuir in Eagar

Tar éis bás a dhearthár, an rídhamhna Maol Mórda, sa bhliain 966,[1] rinneadh rí Laigean de Mhurchadh an bhliain chéanna, tar éis bhás Ceallaigh mhic Fhaoláin de chlann Uí Dhúnchada.[2] Mharaigh é go fealltach sa bhliain 972 ag nia a réamhtheachtaí, Domhnall Claon mac Lorcáin.[3] Tháinig Augaire mac Tuathail de chlann Uí Muireadhaigh (bás 978), i gcomharbacht air.

MuintirCuir in Eagar

I measc a chlainne, bhí a leanas:

FoinsíCuir in Eagar

  • Francis John Byrne Irish Kings and High Kings: "Kings of Leinster": Genealogical Tables, lch. 290, Baile Átha Cliath, athchló (2004) ISBN 1851825525.
  • Theodore William Moody, Francis John Byrne Francis X. Martin A New History of Ireland", Tome IX; Maps Genealogies, Lists. Oxford University Press ISBN 0198217455, lch. 201.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 966.7
  2. Annála Uladh, AU 966.1
  3. AU 972.2


Roimh
Cellach mac Fáeláin
rí Laighean
966-972
Tar Éis
Augaire mac Tuathail