Murchadh Ó Flaithearta
Rí Iar Chonnacht agus Ceann na Fine ba ea Murchadh Ó Flaithearta (Meán-Ghaeilge Murchadh Ua Flaithbheartaigh (beo 1244).
Beatha
cuir in eagarBa ea Murchadh an chéad taoiseach dá chlann tar éis a díbeartha as a háit dúchais, Uí Bhriúin Seola. Chuir Aodh an Gha Bhearnaigh, rí Chonnacht faoi smacht iad sa bhliain 1051, agus le teacht Richard Mor de Burgh sa cheantar, cuireadh an ruaig orthu go hiomlán taobh thiar de Loch Coirib. Agus iad fós ina ndream neamhspleách, bheidís ina gceannairí ar Iar Chonnacht.
D'fhéadfadh é go ndeachaigh Murchadh agus a dheartháir Ruaidhrí beirt i dteannta le Féilim mac Cathail Crobhdheirg (i réim 1233–1256), ar feachtas go dtí An Bhreatain Bheag in éadan Anraí III Shasana sa bhliain 1245.[1]
Ní fios cathain a fuair Murchadh bás, mar sin níltear cinnte an é féin atá luaite in iontráil annál don bhliain 1248, nuair a chloígh 'Uí Fhlaithbheartaigh' na Gaill (Sasanaigh):[2]
- Conmaicne Mara uile d'arccain do Ghallaibh. Gaill do dhul for sluaigheadh docom Ui Flaithbertaigh. Maidhm do thabhairt dó forra & sochaidhe do marbhadh dhiobh.
Sa bhliain 1256, feictear Ruairí ar an bhfód.[3]
Foinsí
cuir in eagar- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
- Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1245.4
- ↑ ACM 1248.11
- ↑ ACM 1256.9
Réamhtheachtaí Aedh Mór Ua Flaithbheartaigh |
rí Iar Chonnacht 1244 |
Comharba Ruaidhrí Ua Flaithbheartaigh (V) |