Na hEalaíona i Luimneach

Tá suim bhríomhar ins na h-ealaíona i Luimneach, an ceathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú ceann is mó sa Phoblacht agus tá oidhreacht láidir aici sa cheol agus sa litríocht. Cuidíonn na cúrsaí airdoideachais in Ollscoil Luimnigh agus i gColáiste Ealaíona Luimnigh le staideas an chathair mar ionad tábhachtach i ngach rannóg na n-ealaíona.

Dráma cuir in eagar

Is í Ionad Ealaíona an Bhelltable ar Shráid Uí Chonaill príomh-láthair drámaíochta na cathrach ach úsáidtear amharclanna eile chomh maith. Is féidir le slua féachana suas le 1,800 daoine Halla Ceoil na hOllscoile a úsáid, tá Buíon Drámaíochta Impact bunaithe i Halla an Chorráin sa Chorráin agus baineann Buíon Drámaíochta an Oileáin úsáid as sean-Séipéal Mhainchin ar Shráid an Chaisleáin ó am go ham.

Tá clú bainte amach ag beirt drámadóirí reatha as Luimneach faoi dhrámaí as Béarla atá bunaithe i saol na cathrach. Scríobh Maidhc Ó Finn Pigtown, cuntas staire di, agus Shock and Awe agus tá Alone It Stands le Seán Ó Braoin bunaithe ar bhua foireann Rugbaí na Mumhan ar an Nua-Shéalainn sa bhliain 1978.

 
Áras Bóirmhe, Sráid Mhulgrave, Luimneach i mí Aibreáin 2007, áit breithe Cháit Ní Bhriain sa bhliain 1897.

Fuirseoiri mór le rá iad Páid Ó Géaráin agus Seán Ó Cionnaith a bhfuil cónaí orthu i dtimpeallacht Luimnigh. Cé go bhfuil siad ag obair leo féin anois, scríobhadar seónna ar nós d’Unbelievables agus The Glengooly Gala Night. Tá cáil bainte amach chomh maith ag Páid Ó Géaráin mar aisteoir i scannáin ar nós Man Bites Dog (2004) agus Garage (2007).

Scannán cuir in eagar

Níl aon tionscal lán-aimsearach scannán sa chathair ach deineadh dhá phríomhscannán inti le déanaí. Tá Angela’s Ashes (1999) bunaithe ar scéal Frank McCourt faoin a óige i Luimneach i mblianta na 1930í agus na 1940í. Tá Cowboys & Angels (2003), scannán an stiúiritheora Luimníoch Daithi Ó Gliasáin, bunaithe ar saol mic léinn Coláiste Ealaíona Luimnigh, agus scaoileadh The Front Line, dara scannán an Ghliasánaigh sa bhliain 2006.

Rugadh an aisteoir cáiliúil Risteárd Ó hEarcha (1930-2002), réalt scannán mar The Field, This Sporting Life, The Wild Geese, Camelot agus Lord of the Rings, i Luimneach. B'as Cill Mhuire, Caladh Ui Threoigh ar dtús an stiúiritheoir teilifíse Labhrás Ó Dubhchonna (1924-1982) (Lawrence F. Doheny as Béarla a dhein srath-chláracha móra blianta na 1970í ar nós Magnum PI, The Rockford Files agus Charlie's Angels.

Ritheadh an chéad Fleadh Scannán Luimnigh in Ollscoil Luimnigh i mí na Márta 2007.

Ealaíon Físeach cuir in eagar

 
Comhartha cuimhneacháin ar Uimhir 4, Sráid Phádraig, Luimneach i mí Aibreáin 2007, inar rugadh an amhránaí cheoldráma Cáitríona Ní hAodha sa bhliain 1818.

Tá Gailearaí Ealaíona Cathrach Luimnigh suite i gCearnóg an Phoirigh agus tá bailiúcháin d’ealaíon na hÉireann on 18ú go dtí an 20ú haois le feiscint ann. Bíonn taispeántais sealdacha le feiscint ann i rith na bliana.

Tá an Gailearaí Náisiúnta Féin-Phortráid bunaithe in Ollscoil Luimnigh agus tá fás suantasach tar éis teacht ar an mbailiúcháin ón a bhunú ag an Dr. Éamonn Breathnach agus Pádraig Ó Cnáimhsigh i mblianta na 1970í.

Rithtear an EV+A (Exhibition of Visual+ Art as Béarla) sa chathair gach bliain agus is ceann des na taispeántaisí ealaíne chomhaimseartha is tábhachtaí in Éirinn é.

Rugadh Seán Céitinn (1899-1977), ceann des na péintéirí is cáiliúla in Éirinn i gcéad leath an 20ú haois, i Luimneach.

Ceol cuir in eagar

Tá suim i ngach saghas ceol i Luimneach. B'as Luimneach í Cáitríona Ní hAodha (1818-1861), amhránaí cheoldráma an 19ú haois.

Is iad na Cranberries (sna 1990í) agus na Granny’s Intentions (sna 1960í) na grúpaí is mó le rá a tháinig on gacthair. Tá clú mór bainte amach ag Micheál Ó hÁinle mar scríbhneoir ceol tíre agus b’iad na Monarchs an buíon Luimníoch is cáiliúla ó Ré na Showbands.

Is as Luimneach freisin Ciarán Mac Mathúna, láiritheoir ceol traidisiúnta ar Raidió Éireann le blianta.

Tá Orchestra Seomra na hÉireann agus Ionad Ceol Domhain na hÉireann bunaithe in Ollscoil Luimnigh agus tá clú ar leith bainte amach ag Micheál Ó Súilleabháin, Stiúiritheoir Roinn Ceoil na hOllscoile.

Sé Halla Ceoil na hOllscoile príomhionad ceol clasaiceach agus mór-seónna ceol chomhaimseartha na cathrach, cloistear ghrúpaí nua in ionaid mar Dolan’s Warehouse ar Bhóthar na nDuganna agus is i dtithe tábhairne mar Nancy Blake’s ar Shráid na Danmhairge a chloistear seisiúin ceoil traidiisiúnta.

Prós agus Filíocht cuir in eagar

 
Séipéal Eoin sa bhliain 1982. Ath-thógadh san 18ú haois í. Dhún Eaglais na hÉireann í sa bhliain 1970 agus úsáidtear mar ionad rinnce Daghda anois í

Gach oíche dé Chéadaoin, bailíonn grúpa filíochta le chéile i dtigh tábhairne an Tigh Bán ar Shráid Uí Chonaill. Tá grúpaí scríbhneora próis gníomhach sa chathair freisin.

I measc údar cáiliúla na cathrach tá Cáit Ní Bhriain (1897-1974) agus Michéal Ó Cruitín agus an file Nuala Ní Dhomhnaill (1952- ). Fuair Brian Mac Giolla Meidhre (1745-1805), a scríobh an dán Cúirt an Mheánoíche, bás sa chathair.

Rinnce cuir in eagar

Tá Buíon Daghda, grúpa rinnce chomhaimseartha faoi stiúiriú Mháire Ní Nuanáin, bunaithe i Séipéal Eoin i gCeárnóg Eoin.

Glaotar Fallaí Luimnigh ar an rinnce seit traidisiúnta is cáiliúla in Éirinn.