Is speiceas den ghéineas Naegleria é Naegleria fowleri, ar a dtugtar go coitianta “aiméibe a itheann inchinn”, a bhaineann leis an bhfileam Percolozoa, nach bhfuil rangaithe go teicniúil mar fíor-aiméibe, ach ina haiméibe lascaideach den sárghrúpa Excavata.[1] Is miocrorgánach saorbheathach é a itheann baictéir agus is féidir a bheith pataigineach, agus is cúis le hionfhabhtú inchinne fíor-annamh, tobann, dian agus marfach de ghnáth ar a dtugtar naegleriáis nó meiningeinceifealaíteas aiméibeach príomhúil (MAP).[2] Faightear an miocrorgánach seo go hiondúil i réimsí uisce fionnuisce te,[3] mar locháin, lochanna,[4] aibhneacha, fuaráin theo,[5] sceitheadh uisce te ó stáisiúin tionsclaíochta nó cumhachta,[6] tobar uisce geoiteirmeach,[7] linnte snámha nach bhfuil coinnithe go maith nó a chlóirínítear ag íosleibhéal (faoi 0.5 mg/m 3 iarmharach),[8] téitheoirí uisce,[9] ithir, agus píopaí ceangailte le huisce sconna.[10] Is féidir é a fheiceáil i gcéim aiméabóideach nó lascnaideach sealadach.[11]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoNaegleria fowleri Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Galarprimary amebic meningoencephalitis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
AicmeHeterolobosea
OrdSchizopyrenida
FineVahlkampfiidae
GéineasNaegleria
SpeiceasNaegleria fowleri Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Ainmníodh an t-orgánach i ndiaidh Malcolm Fowler, paiteolaí Astrálach ag Ospidéal na Leanaí Adelaide, a bhí ar an gcéad údar ar an tsraith bhunaidh de tuairiscí cáis faoin mheiningeinceifealaíteas aiméibeach príomhúil.[12][13]

Saolré cuir in eagar

 
Céimeanna bitheacha: cist, trófasóit, lascnaid

Is aiméibe teirmifileach, saorbheathach é Naegleria fowleri. Tá sé le fáil i locháin fionnuisce bogthe agus te srl, de réir mar a ardaíonn teocht an uisce, méadaíonn a chuid uimhreacha. Aithníodh an t-aiméibe sna 1960idí san Astráil ach bhí an chuma air gur tháinig sé chun cinn sna Stáit Aontaithe. Tarlaíonn N. fowleri i dtrí fhoirm – mar cist, trófasóit agus délascnaideach. Ní chruthaíonn sé cist i bhfíochán soladach daonna, áit nach bhfuil ach an chéim trófasóite ann, ach tá an fhoirm lascnaideach le fáil i sreabhán ceirbrispíonach.

=Céim chisteach cuir in eagar

Athraíonn trófasóití go foirm ciste chun maireachtáil ag amanna nuair a bhíonn an timpeallacht crua go sealadach.[14] The cyst is a spherical, single-layered, smooth wall about 7–15 µm in diameter, that encloses a single nucleus. Is balla mín sféarúil aon-sraitheach í an chist, tuairim is 7–15 µm ar trastomhas, a chuimsíonn núicléas amháin.

Is capsúl seasmhach í an chist, a d'fhéadfadh beathra don aiméibe, a chuireann i gcoinne coinníollacha díobhálacha. I measc na bhfachtóirí a chothaíonn fás na gcisteanna tá easpa bia, plódú, triomú, carnadh táirgí dramhaíola, agus teochtaí fuar. Nuair a thagann feabhas ar na coinníollacha, is féidir leis an aiméibe éalú tríd an ostiole (an phóir), a fheictear i lár na ciste. Fuarthas amach go bhfuil N. fowleri ábalta cistiú ag teocht faoi bhun 10 °C.[14]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Schuster, Frederick L., and Govinda S. Visvesvara. "Free-living Amoebae as Opportunistic and Non-opportunistic Pathogens of Humans and Animals." International Journal for Parasitology 34.9 (2004): 1001–1027. Web.
  2. "Texas residents warned of tap water tainted with brain-eating microbe". The Guardian (26 September 2020). Dáta rochtana: 27 September 2020.
  3. Maclean (2004). "The identification of Naegleria fowleri from water and soil samples by nested PCR". Parasitology Research 93 (3): 211–217. doi:10.1007/s00436-004-1104-x. ISSN 0932-0113. PMID 15138806. 
  4. Wellings FM, Amuso PT, Chang SL, Lewis AL (1977). "Isolation and identification of pathogenic Naegleria from Florida lakes.". Appl Environ Microbiol 34 (6): 661–7. doi:10.1128/AEM.34.6.661-667.1977. PMID 596870. 
  5. Sheehan (2003). "PCR Detection and Analysis of the Free-Living Amoeba Naegleria in Hot Springs in Yellowstone and Grand Teton National Parks". Applied and Environmental Microbiology 69 (10): 5914–5918. doi:10.1128/AEM.69.10.5914-5918.2003. ISSN 0099-2240. PMID 14532044. 
  6. Sykora JL, Keleti G, Martinez AJ (1983). "Occurrence and pathogenicity of Naegleria fowleri in artificially heated waters.". Appl Environ Microbiol 45 (3): 974–9. doi:10.1128/AEM.45.3.974-979.1983. PMID 6847189. 
  7. Marciano-Cabral (2003). "Identification of Naegleria fowleri in Domestic Water Sources by Nested PCR". Applied and Environmental Microbiology 69 (10): 5864–5869. doi:10.1128/AEM.69.10.5864-5869.2003. ISSN 0099-2240. PMID 14532037. 
  8. Yoder (2009). "The epidemiology of primary amoebic meningoencephalitis in the USA, 1962–2008". Epidemiology and Infection 138 (7): 968–975. doi:10.1017/S0950268809991014. ISSN 0950-2688. PMID 19845995. 
  9. Yoder (2012). "Primary Amebic Meningoencephalitis Deaths Associated With Sinus Irrigation Using Contaminated Tap Water". Clinical Infectious Diseases 55 (9): e79–e85. doi:10.1093/cid/cis626. ISSN 1058-4838. PMID 22919000. 
  10. Ritual Nasal Rinsing & Ablution | Naegleria fowleri | CDC” (en-us). www.cdc.gov (2020-09-29). Dáta rochtana: 2020-10-16.
  11. General Information: Naegleria fowleri” (en-us). Centers for Disease Control and Prevention (CDC). Dáta rochtana: 2015-12-14.
  12. Fowler (September 1965). "Acute pyogenic meningitis probably due to Acanthamoeba sp.: a preliminary report". British Medical Journal 2 (5464): 740–2. doi:10.1136/bmj.2.5464.734-a. PMID 5825411. 
  13. The discovery of amoebic meningitis in Northern Spencer Gulf towns”. samhs.org. South Australian Medical Heritage Society Inc. Dáta rochtana: August 15, 2019.
  14. 14.0 14.1 "Resistance of pathogenic Naegleria to some common physical and chemical agents" (1978). Applied and Environmental Microbiology 35 (2): 368–375. doi:10.1128/AEM.35.2.368-375.1978. PMID 637538. PMC:242840.