Naomh Vailintín
Naomh darbh ainm Vailintín as a ainmnítear an fhéile Lá Fhéile Vailintín. Bhíodh scata de mhairtírigh luatha Chríostaí a raibh Vailintín mar ainm orthu. De réir an tseanchais, bhunaigh an Pápa Gelasius I an fhéile sa bhliain AD 496.
Naomh Vailintín | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Terni, 175 | ||
Náisiúntacht | An tSean-Róimh | ||
Bás | An Róimh, 14 Feabhra 273 | ||
Cúis bháis | (dícheannadh) | ||
Gairm | |||
Gairm | dochtúir leighis | ||
Féile | |||
14 Feabhra | |||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Sagart ba ea Vailintín, a cuireadh chun bháis i ngéarleanúint an Impire Dhióicléitiánas i ndeireadh na tríú haoise.[1] Deirtear go bhfuair sé bás ar 14ú Feabhra. Cuireadh é sna catacómaí na Róimhe.
Bhronn an Pápa Gréagóir XVI cnámha Vailintín ar an sagart Éireannach Cairmilíteach, an tAthair John Spratt sa naoú haois déag. Tá siad le feiscint inniu i séipéal Sráid na mBráthair Bán i mBaile Átha Cliath.[2]
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Persecution of Christians" (as en) (2022-02-08). Wikipedia.
- ↑ "The Shrine of Saint Valentine" (en-GB). Carmelites (2022-02-11). Dáta rochtana: 2022-02-14.